Jump to content

Olltoghchán na hÍsiltíre 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na hÍsiltíre 2025
CineálDutch general election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Deireadh Fómhair 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtálfar an chéad olltoghchán eile san Ísiltír ar an 29 Deireadh Fómhair 2025.

Pvda, Frans Timmermans, 2019
VVD, Dilan Yeşilgöz-Zegerius, 2024
PVV, Geert Wilders, 2024

Tháinig deireadh le ré san Ísiltír ar an 1 Iúil 2024 nuair a d’éirigh an chéad-aire ag an am Mark Rutte as go hoifigiúil – tar éis dó 5,010 lá, nó nach mór 14 bliain, a chaitheamh i gcumhacht agus é i gceannas ar cheithre chomhrialtas éagsúla. Ba é Rutte, nua-liobrálach go smior, an chéad-aire ab fhaide a bhí i gceannas san Ísiltír riamh.[1] Amhail Emmanuel Macron sa Fhrainc in 2024, cinneadh Rutte dul sa seans le toghchán roimh dheireadh a théarma ba chúis le bua mór na heite fíordheise san Ísiltír in 2023.

Ar an 2 Iúil 2024 chuaigh comhrialtas de chuid na heite fíordheise faoi stiúir Dick Schoof (fear ionaid Geert Wilders agus iarcheannaire sheirbhís rúnda na hÍsiltíre, an AIVD) i mbun oibre . Rialtas seachpharlaiminte  a bhí sa chomhrialtas. Níor chuala mórán daoine trácht ar Dick Schoof roimh 2024. Níor chaith éinne vóta ar a shon san olltoghchán i mí na Samhna 2023 toisc nach raibh sé ar liosta na n-iarrthóirí.[2] Chun comhrialtas a bhunú, tháinig le chéile PVV an Ioslamafóbaigh Geert Wilders, feirmeoirí feargacha an BBB, nualiobrálaigh an VVD agus "deistapóirí"[3] an NSC.[4] Thit Rialtas Schoof as a chéile bliain níos déanaí.

Níor éirigh leis an rialtas bliain féin a bhaint amach i gcumhacht.[5] Ar an 3/4 Meitheamh 2025, tharraing amach Páirtí don tSaoirse (PVV) as an gcomhrialtas. Dar le Wilders, ní dhearna an rialtas dóthain chun stop a chur le teacht iarrthóirí tearmainn agus inimirceach mídhleathach chun na hÍsiltíre – d’ainneoin gur ag an PVV féin a bhí an aireacht Tearmainn agus Inimirce agus go raibh an rialtas seo ar an gceann ba ghéire riamh maidir leis an dá cheist sin. Ach ní hamháin go raibh an comhrialtas a thit i mí an Mheithimh 2025 ar an gceann ab fhaide amach ar an eite dheis dá raibh i gcumhacht san Ísiltír ó bhí an dara cogadh domhanda ann, bhí sé ar an gceann ba chiotaí, ba mhí-eagraithe agus ba mhí-éifeachtaí riamh.[6]

Bhí díomá ar roinnt mhaith vótóirí de chuid an PVV faoin gcaoi ar éirigh lena bpáirtí agus iad i mbun rialtais. Déanfar slad sa chéad olltoghchán eile ar dhá pháirtí eile a bhí páirteach sa chomhrialtas: ar fheirmeoirí feargacha an BBB agus ar an NSC, páirtí nua de chuid an láir ar thit an tóin as cheana féin i mí an Mheithimh 2025 nuair a d’éirigh a gceannaire agus a mbunaitheoir, Pieter Omtzigt, as an bpolaitíocht ar chúrsaí sláinte.[7]

An t-aon pháirtí a thiocfaidh slán – seans – as smionagar an rialtais seo ná nualiobrálaigh an VVD, ach tá siad sin chomh dubh dóite de Geert Wilders gur beag an baol go rachaidh siad isteach i gcomhrialtas leis an PVV go deo arís.

Le scéal fada a dhéanamh gairid: drochsheans go n-éireoidh le Geert Wilders comhrialtas a chur le chéile tar éis an chéad olltoghcháin eile – fiú má éiríonn leis muinín a lucht tacaíochta féin a fháil ar ais idir seo agus sin.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Alex Hijmans (3 Iúil 2024). "Deireadh le ré Rutte san Ísiltír, an baol ann go bhfuil ré I bhfad níos dorcha romhainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-07.
  2. Alex Hijmans (1 Meitheamh 2024). "Ní theastaíonn ó Geert Wilders agus a chomrádaithe go léifeadh an pobal leabhair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-08.
  3. polaiteoirí a thapaíonn a ndeis
  4. Alex Hijmans (1 Meitheamh 2024). "Ní theastaíonn ó Geert Wilders agus a chomrádaithe go léifeadh an pobal leabhair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-08.
  5. Máirín Ní Ghadhra (6 Meitheamh 2025). "An chorraíl pholaitiúil san Eoraip ag treisiú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-09.
  6. Alex Hijmans (5 Meitheamh 2025). "An comhrialtas ba chiotaí riamh san Ísiltír tar éis titim ag an am ba chiotaí agus ab fhéidir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-07.
  7. 7.0 7.1 Alex Hijmans (5 Meitheamh 2025). "An comhrialtas ba chiotaí riamh san Ísiltír tar éis titim ag an am ba chiotaí agus ab fhéidir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-08.