Jump to content

Olltoghchán na hÉireann, 1973

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na hÉireann, 1973
Map
Cineálolltoghchán in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Feabhra 1973 Cuir in eagar ar Wikidata
1969 Cuir in eagar ar Wikidata
1977 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanTaoiseach
Teachta Dála Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiLiam Mac Cosgair Cuir in eagar ar Wikidata


Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann, 1973[1] ar an 28 Feabhra 1973. I bhFeabhra na bliana 1973 chaill Fianna Fáil cumhacht le comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tháinig deireadh le réimeas sé bliana déag Fhianna Fáil ag olltoghchán 1973 (1957-1973).[2] Toghadh Liam Mac Cosgair mar Thaoiseach nuair a tháinig an 20ú Dáil le chéile ar an 14 Márta 1973..

Chuaigh Éire isteach i gComhphobal na hEorpa (European Community) sa bhliain 1973. Níos déanaí sa bhliain, tháinig ardú ar phraghas na hola sa Mheánoirthear agus d’éirigh geilleagar na hEireann níos measa.

Vótáil
Liam Cosgrave agus Garret FitzGerald, 1976

Chuir an Comhrialtas nua forógra toghchánaíochta aontaithe os comhair an phobail, ina raibh 14 de phointí. I measc na bpointí sa bhForógra Toghcháin bhí ceann a gheall deireadh a chur leis an riachtanas oideachais a d’fhág nach mbeadh Ardteistiméireacht ná Meánteistiméireacht le fáil ag scoláire a theipfeadh air/uirthi pas a fháil i nGaeilge, cuma cé chomh maith is a dhéanfaidís sna hábhair eile.

Ceapadh Dick Burke, ó Fhine Gael, fear a raibh togha na Gaeilge aige, i gceannas ar an Roinn Oideachais (agus fuair sé réidh in 1974 le Gaeilge Éigeantach na scrúduithe stáit, mar a gealladh sa bhForógra Toghcháin).[2][3][4]

Ceapadh Pádraig Ó Donnagáin mar Aire Cosanta, aire eile a tharraing conspóid ollmhór níos déanaí.

D’éirigh go hiontach le Fianna Fáil in olltoghcháin na bliana 1977 agus tháinig Seán Ó Loingsigh ar ais mar Thaoiseach

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Irish General Election 1973
  2. 2.0 2.1 Donncha Ó hÉallaithe (7 Samhain 2024). "Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an mbuille ba mheasa ar stádas na Gaeilge ó bunaíodh an stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  3. "Abolition of Compulsory Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  4. Donncha Ó hÉallaithe (7 Samhain 2024). "Níor cheart dearmad a dhéanamh ar an mbuille ba mheasa ar stádas na Gaeilge ó bunaíodh an stát" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-12.