Jump to content

Olltoghchán na Gearmáine 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Olltoghchán na Gearmáine 2025
 2021 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidataan Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata next German federal election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata   
Am23 Feabhra 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
CineálGerman federal election (en) Aistrigh agus toghchán tobann Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachan630 ball de Bhundestag na Gearmáine 21st German Bundestag (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáin oifigiúilbundeswahlleiterin.de… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#btw25, #btw2025, #bundestagswahl25 agus #bundestagswahl2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon daoine a vótáil
Electorate (en)60,490,603 Cuir in eagar ar Wikidata
49,927,315
   82.54٪
Percentage point (en) 5.97
Total valid votes (en)49,498,186    Number of blank votes (en)  ?    Number of spoilt votes (en) 429,129
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
<1
2>
CDU/CSU   Friedrich Merz
14,158,432   28.6٪
Percentage point (en) 4.53
Ball Parlaiminte 196  208 Líon suíochán 12
<1
2>
AfD   Alice Weidel
10,327,148   20.86٪
Percentage point (en) 10.51
Ball Parlaiminte 83  152 Líon suíochán 69
<1
2>
SPD   Olaf Scholz
8,148,284   16.46٪
Percentage point (en) 9.28
Ball Parlaiminte 206  120 Líon suíochán 86
<1
2>
GRÜNE   Robert Habeck
5,761,476   11.64٪
Percentage point (en) 3.11
Ball Parlaiminte 118  85 Líon suíochán 33
<1
2
3>
DIE LINKE   Heidi Reichinnek, Jan van Aken
4,355,382   8.8٪
Percentage point (en) 3.91
Ball Parlaiminte 39  64 Líon suíochán 25
<1
2>
BSW   Sahra Wagenknecht
2,468,670   4.99٪
Ball Parlaiminte
<1
2>
FDP   Christian Lindner
2,148,878   4.34٪
Percentage point (en) 7.11
Ball Parlaiminte 92 
<1
2>
SSW   Stefan Seidler
76,126   0.15٪
Percentage point (en) 0.03
Ball Parlaiminte 1  1

Reáchtáladh Olltoghchán na Gearmáine 20245[1] ar an 23 Feabhra 2025. Bhí suas le 60m duine i dteideal vótála sa tír agus ní raibh an pholaitíocht chomh scoiltithe sa Ghearmáin le cuimhne na ndaoine ná sa bhliain 2025.[2]

Tháinig comhrialtas.CDU/CSU (na coimeádaigh) agus SPD (ar chlé ón lár) le cheile. Bhí tráth ann a thugtaí an Grosse Koalition, an Comhrialtas Mór, ar chleamhnas rialtais idir an CDU agus an SPD, ach níl an Grosse Koalition chomh gross sin sa bhliain 2025, agus gan de mhóramh féideartha ach 13 ag an gcomhrialtas.[3]

23 Feabhra 2025; chruinnigh Merz lucht tacaíochta laistiar den pháirtí

Chlis ar an Ampel, (Comhrialtas na Soilse Tráchta), i mí na Samhna 2024. Bhí an comhrialtas seo comhdhéanta de SPD, an Páirtí Glas, agus an Páirtí Saor Daonlathach (FDP).

Thit an comhrialtas as a chéile mar gheall ar chaiteachas buiséid. Drogall an FDP an Schuldenbremse (coscán na bhfiach) a scaoileadh chun infheistíocht riachtanach a dhéanamh i mbonneagair na tíre ba chúis leis sin.

Bhí an geilleagar is mó san Eoraip ag dul chun donais ag an am. Bhí sochaí na Gearmáine scoilte mar gheall ar an imirce agus slándáil, go háirithe.[4]

Dé Domhnaigh an 25 Feabhra bhí toghchán sa Ghearmáin. Bhuaigh na coimeádaigh, an tAontas Críostaí Daonlathach (CDU) agus an tAontas Críostaí Sóisialta (CSU). Bhí an CDU/CSU, faoi stiúir Merz, i bhfad chun cinn ar an AfD agus ar an SPD, agus thart ar 29% de na vótaí acu.

Vótáil 84% de thoghthóirí sa toghchán seo, an céatadán is mó ó tharla an t-athaontú in 1990. Bhí níos mó fear ag dul i dtreo na heite deise, agus bhí mná ag tabhairt tacaíocht níos láidre do pháirtithe na heite clé.

Fuair an AfD, an "Alternative für Deutschland" nó an "Rogha Eile don Ghearmáin", páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis, 20.4% den vóta (an dara sciar is mó, i ndiaidh CDU/CSU a fuair 29%). Is méadú mór é an toradh seo ón vóta don AfD in 2021 (10.4%), agus a sciar den vóta beagnach dúbailte.[5] In oirthear na Gearmáine, mar a bhíodh roimh athaontú, d'éirigh an AfD ar an bpáirtí is mó i ngach stát agus os cionn 30% acu thall ansin. Ní raibh an páirtí in ann bua níos mó a bhaint amach mar ní raibh an AfD in ann vótaí a mhealladh in iarthar na tíre.

Bhí an AfD láidir i measc an aosa óig agus an lucht oibre chomh maith.[6] Bhí an AfD go láidir i gcoinne na hinimirce, agus go mór ar thaobh na Rúise. Tá an bhean i gceannas orthu, Alice Weidel, ina caidreamh fadtéarmach aici le bean eile - Sarah Bossard - de shliocht Shrí Lanca.[7]

Fuair an SPD de chuid Olaf Scholz 16% den vóta, an toradh is measa a bhí acu ón Dara Cogadh Domhanda.

Ghnóthaigh an Páirtí Glas 12% den vóta (15% in 2021). Chaith go leor de pholaiteoirí sinsearacha an CDU cuid mhaith den fheachtas ag caitheamh anuas ar Aire Geilleagair na nGlasach, Robert Habeck, agus ar “pholaitíocht fhimíneach ghnóthaí eachtracha” a chomhghleacaí, Annalena Baerbock.[3]

Thug na vótálaithe óga tacaíocht mhór do Die Linke, nó An Páirtí Clé, an pháirtí ar an eite chlé. Fuair siadsan 9% den vóta (4.9% in 2021). Bhí an bás parlaiminteach á thuair dóibh in 2024 ach bhí feachtas láidir acu. Chabhraigh seasamh frithfhaisisteach an pháirtí neart tacaíochta a mhealladh ón dream óg a bhíodh ag vótáil Glas roimhe seo.

Fuair páirtí nua, Comhghuaillíocht Sahra Wagenknecht (BSW) 4.97% den vóta agus an FDP 4% den vóta. Ar an drochuair do BSW agus FDP, caithfidh páirtithe 5% den vóta a fháil sa Ghearmáin chun páirt a ghlacadh sa pharlaimint, an Bundestag. Dá bhrí sin, ní raibh BSW agus FDP in ann dul isteach sa pharlaimint.[4]

Tionchar na Stát Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thacaigh Elon Musk leis an AfD arís agus arís eile le linn an fheachtais. In alt tuairimíochta a foilsíodh sa nuachtán Welt am Sonntag díreach roimh an Nollaig, scríobh leathbhádóir Vance agus an Trumpadóir, Elon Musk, gurb iad an AfD ‘an t-aon dream amháin ar féidir leo an Ghearmáin a shábháil.’ Lena chois sin, tá tús áite á thabhairt ar X, gréasán sóisialta Musk – agus ar TikTok na Síne, leis – do theachtaireachtaí agus físeáin de chuid an pháirtí chonspóidigh AfD thar ábhar bolscaireachta na bpáirtithe polaitiúla eile sa Ghearmáin.[8]

Dúirt Trump go raibh muintir na Gearmáine tuirseach den chlár oibre de chuid an SPD gan chiall, go háirithe maidir le fuinneamh agus inimirce

Le linn an Elefantenrunde, an díospóireacht teilifíse thraidisiúnta idir na ceannairí a leanann fógairt na dtorthaí, mhínigh Merz gurb é “mo dhearbhthosaíocht í an Eoraip a neartú chomh tapa agus is féidir é, ionas go n-éireoidh linn, céim ar chéim, neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe a bhaint amach". Léirigh Merz amhras faoi cé acu an mbeadh ECAT fós ag feidhmiú mar a bhí go dtí 2024, nó “an mbeidh orainn cumas cosanta Eorpach neamhspleách a chur ar bun go fíorsciobtha. Níl aon dallamullóg orm faoin méid atá ag tarlú sna Stáit Aontaithe”.

Bhí infheistíocht mhór ag teastáil chun spriocanna Merz a bhaint amach. Bhí Merz agus Scholz in ann an coscán ar fhiacha a bhí leagtha síos i mBunreacht na Gearmáine a scaoileadh chun é sin a bhaint amach.[3] Ar an 18 Márta 2025, fuair an CDU/CSU, an SPD agus na Glasaigh móramh de dhá thrian (a bhí riachtanach chun é sin a dhéanamh) a bhaint amach sa sean-Bundestag.[9]

Bhí socrú comhrialtais déanta ag Merz leis na Daonlathaithe Sóisialta, ar chlé ón lár, agus bhí dóthain suíochán parlaiminte ag an dá pháirtí chun comhrialtas nua a chur le chéile. Bhí 120 suíochán ag SPD agus 208 ag CDU/CSU, 328 suíochán san iomlán le 45% den vóta.

Thairg Ceannaire an AfD, Alice Weidel, comhoibriú i rialtas do Merz, ach dhiúltaigh sé go huile is go hiomlán di. Is ann go fóill don Brandmauer, an Balla Cosanta Tine.[9] An fhadhb a bhí - agus atá - leis an AFD ná d'uireasa na míorúilte, nach meallfainn an AfD aon pháirtí eile le comhrialtas a bhunú.[2]

Tháinig Merz i gcomharbas ar Olaf Scholz ón SPD ar an 6 Bealtaine 2025.[10] 630 suíochán a bhí sa Bundestag, dóthain suíochán parlaiminte ag an dá pháirtí chun go dtoghfaí Merz.[11][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, 2025 German federal election
  2. 1 2 Naucht RTE (2025-02-23). "Merz chun cinn sa Ghearmáin más fíor na figiúirí" (as ga-IE).
  3. 1 2 3 Cuan Ó Seireadáin (25 Feabhra 2025). "Cúpla bliain chrua agus cúpla rogha dheacair i ndán don Ghearmáin i ndiaidh an olltoghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  4. 1 2 3 Jenna Goulding (2025-02-28). "Merz an Seansailéir Nua" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  5. Jenna Goulding (2025-02-28). "Merz an Seansailéir Nua" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  6. Alex Hijmans (23 Feabhra 2025). "Páirtithe traidisiúnta na Gearmáine ag iarraidh an AfD a choinneáil amach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  7. "«Viele Schwule und Lesben möchten einfach ihre Ruhe»" (de). Tages-Anzeiger (2021-09-24). Dáta rochtana: 2025-05-06.
  8. Sin a léirigh taighde de chuid na heagraíochta neamhrialtais Global Witness ag an am
  9. 1 2 "Germany's Bundestag votes in favor of reforming 'debt brake' – DW – 03/19/2025" (en). dw.com. Dáta rochtana: 2025-05-06.
  10. "Merz le bheith ina sheansailéir agus dóthain vótaí faighte aige ar an dara hiarracht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-06). Dáta rochtana: 2025-05-06.
  11. euronews.com (2025-05-06). "Bundestag elects CDU's Friedrich Merz as new German chancellor in repeat vote". www.euronews.com. Dáta rochtana: 2025-05-06.