Olltoghchán Cheanada 2025
Olltoghchán Cheanada 2025 | |||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
← 2021 (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | |||||||||||||||||||||||||||
Am | 28 Aibreán 2025 ![]() | ||||||||||||||||||||||||||
Cineál | Canadian federal general election (en) ![]() ![]() | ||||||||||||||||||||||||||
Oifig le buachan | ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada ![]() | ||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | elections.ca ![]() | ||||||||||||||||||||||||||
Toradh vótála
![]() | |||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||
Reáchtáladh Olltoghchán Cheanada 2025, toghchán na Cónaidhme do Theach na dTeachtaí, ar an 28 Aibreán 2025. D'éirigh leis an bPáirtí Liobrálach, faoi Mark Carney, fanacht i gcumhacht.[1]



Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann. I dtús na bliana 2025, bhí an páirtí Liobrálach go maith taobh thiar sna pobalbhreitheanna. Bhí baill dá pháirtí féin ag tathant ar Trudeau éirí as, agus an pobal an-mhíshásta le go leor dá pholasaithe ag an am, an costas ard maireachtála agus an ganntanas tithíochta i gCeanada go háirithe.
Ar an 6 Eanáir 2025, d'fhógair Justin Trudeau go raibh sé le héirí as oifig (ina Phríomh-Aire le breis agus naoi mbliana, Samhain 2015-Eanáir 2024). Tháinig Mark Carney isteach in áit Justin Trudeau mar cheannaire.[2]
Torthaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 343 suíochán i dTeach na dTeachtaí i gCeanada le fáil in 2025 (338 sa bhliain 2021). Bhí 169 suíochan aimsithe ag na Liobrálaithe (+9 vs 2021) agus 144 suíochán (+25) faighte ag an bPáirtí Caomhach faoi Pierre Poilievre, 22 ag an mBloc Québécois, 7 (-10) ag New Democratic (-18), agus ceann amháin (-1) ag an bPáirtí Glas.
Níor éirigh leis na Liobrálaithe an 172 vóta a bhí ag teastáil chun móramh a bhaint amach. Bhí 172 suíochán ag teastáil uathu chun go mbeadh siad in ann a bheith i gcumhacht gan tacaíocht ó pháirtí beag.
In óráid a thug sé dá lucht tacaíochta in Ottawa ar an 29 Aibreán, dúirt Carney nach ngéillfeadh Ceanada do bhrú ó na Stáit Aontaithe. Dúirt sé go bhfuil Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ''ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin riamh''.[2] ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá,
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge (3 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-03.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-04-29). "Olltoghchán Cheanada buaite ag an bPáirtí Liobrálach" (as ga-IE).