Ollom Fódla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarOllom Fódla
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairFíachu Fínscothach Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíGéde Ollgothach, Slánoll agus Fínnachta Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Ollamh Fodhla (Sean-Ghaeilge Ollom Fótla, Fódla) mac Fíachu Fínscothach. Ba é Eochaid a chéadainm.[1]

Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí, Faildergdóid, a mharú. Mharaigh athair Faildeargdóide, Muinemón, athair Eochada. Bhí sé i réim ar feadh daichead bliain, agus fuair sé bás le hadhairt ag Teamhair. Tháinig i gcomharbacht air sraith gan bhriseadh seisir dá shliocht, ar dtús a mhac Fínnachta, ina dhiaidh beirt mhac eile, Slánoll agus Géde Ollgothach.

Deirtear gur bhunaigh sé an Feis Teamrach, a deir Seathrún Céitinn gur dháil a bhí inti, ag a bhailigh uaisle, scoláirí agus ceannairí míleata na hÉireann ar an Samhain gach trí bliana, chun dlíthe a rith, agus annála a ghlacadh. Roimh agus tar éis na Feise, bhíodh trí lá féastaíochta.[2] Thóg sé chomh maith ag Treabhair foirgneamh darb ainm Múr nOlloman (balla an ollaimh).

Deirtear, in ainneoin easpa fianaise, gurb í uaigh Ollaimh Fhodhla ná an tuama pasáiste darb ainm Carn T ag Loch Craobh.[3] Tá cloch mhór ag an suíomh agus snoí neoiliteach uirthi, darb ainm Cathaoir na Caillí nó Cathaoir Ollaimh Fhodhla. Creidtear gurbh ag Carn T a chuir an Reachtóir-Rí Mór a chód dlí i bhfeidhm don chéad uair.[4]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sliocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála na gCeithre Máistrí, M3882-3922
  2. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.26
  3. Loch Craobh ar logainm.ie
  4. Loughcrew Passage Tomb Complex, Voices from the Dawn
  5. Omidsalar, Mahmoud. "Poetics and Politics of Iran's National Epic, the Shahnameh": 35–36. Palgrave MacMillan. 
  6. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 235
Réamhtheachtaí
Faildergdóid
Ard Rí na hÉireann
ACM 1318–1278 RC
FFÉ 943–913 RC
Comharba
Fínnachta