Ola na Mara Thuaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thángthas ar na fosuithe ola is gáis sna carraigeacha dríodair faoin Muir Thuaidh den chéad uair i 1969 in uiscí na hIorua (réimse Ecofisk), agus ansin i 1975 i dteascán na Breataine. Tá an grinneall roinnte i dteascáin náisiúnta, agus an chuid is mó de na réimsí ola ag an mBreatain is an Iorua. Faoi 1981 bhí an Bhreatain ina heasportálaí glan ola. Meastar go bhfuil níos lú ná 10,000 milliún bairille fágtha ann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ola na Mara Thuaidh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.