Jump to content

Oiriúnach do 55

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is pacáiste airgeadais agus bearta timpeallachta de chuid an Aontais Eorpaigh é Oiriúnach do 55[1] nó Caoi chun 55 (Béarla: Fit for 55) chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le 55% faoin mbliain 2030.[2] Is cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, leagtha amach ar dtús i mí Nollag 2019.[3]

Tar éis dó a bheith molta ag gCoimisiún i mí Iúil 2021,[4] glacadh é sa bhliain 2023.[5] I measc BBB san phacáiste, tá tacaíocht d'iompar glan, fuinneamh in-athnuaite, agus taraif darb ainm Sásra Voigeartú Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) ar astaíochtaí carbóin ó thíortha nach bhfuil bearta acu chun gáis ceaptha teasa a laghdú.[2] Moltar ann go gcuirfí iompair agus sa Córas Trádála Astaíochtaí isteach. I gcomórtas leis an bplean neodrachta molta ag an nGníomhaireacht Fuinnimh Idirnáisiúnta, tá ann níos mó beart chun fuinneamh inacmhainne a chur ar fáil.[6]

Ó mhí Lúnasa 2024 ar aghaidh, tá gach moladh in Fit for 55 glactha ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach, seachas an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.[7][8]

  • Trádáil agus ísliú astaíochtaí
  • Ciste Aeráide Sóisialta
  • Sásra Coigeartaithe Carbóin ar theorainneacha (SCCT)
  • Úsáid talún agus foraoiseacht
  • Breosla mhalartaigh
  • Fuinneamh glas
  • Éifeachtúlacht fuinnimh
  • Tógáil inbhuanaithe
  • Hidrigin
  • Cáin fuinnimh[9]

Agus an t-acht á phlé, d'éirigh ar dtús le Coimeádacha é a maolú. Theip ar an leagan seo nuair a vótáil na Daonlathaigh Shóisialta ina choinne. Nuair a glacadh an t-acht sa deireadh thiar, bhí sé níos láidre fós ó thaobh laghdú astaíocht CO2.[10]

Dar le Greenpeace, tá aidhmeanna an phacáiste ró lag chun cosc a chur ar athrú aeráide agus an timpeallacht a chosaint. Cáineadh an eagraíocht gur aicmiodh bithfhuinneamh mar fhuinneamh in-athnuaite agus gur ceadaíodh díolachán carranna bhreosla iontaise go dtí 2035.[11]

I mí Lúnasa 2023, rinne rialtas na Polainne gearán leis an gComhairle i gcoinne forálacha in Fit for 55, ag maíomh go ndéanann EU climate policies bagairt ar gheilleagar na tíre agus ar a slándáil fuinnimh.[12]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ "Téarma: Oiriúnach do 55". IATE. Dáta rochtana: 2026-08-10.
  2. 1 2 Oroschakoff, Kalina (21 Meitheamh 2021). "5 things to know about EU's Fit for 55 climate package". politico.eu. Dáta rochtana: 27 Samhain 2021.
  3. ↑ "The European Green Deal". ec.europa.eu/. an Coimisiún Eorpach (11 Nollaig 2019).
  4. ↑ "Q&A: How 'Fit for 55' reforms will help EU meet its climate goals". Carbon Brief (20 Iúil 2021). Dáta rochtana: 27 Samhain 2021.
  5. ↑ "Fáilte curtha ag an gCoimisiún roimh chur i gcrích phríomhreachtaíocht ‘Oiriúnach do 55', rud a chuir an tAontas ar an mbóthar ceart chun spriocanna 2030 a shárú". European Commission (9 Deireadh Fómhair 2023). Dáta rochtana: 27 Eanáir 2024.
  6. ↑ Pavlovic, Ivan (12 Samhain 2021). "Comparing the EU's 'Fit for 55' roadmap and the IEA's net-zero scenario". Euractiv.
  7. ↑ "Fit for 55 package". European Parliamentary Research Service (EPRS) (1 Lúnasa 2024). Dáta rochtana: 12 Deireadh Fómhair 2025.
  8. ↑ "Infographic - Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide". consilium.europa.eu. an Chomhairle Eorpach (3 Bealtaine 2023). Dáta rochtana: 10 Deireadh Fómhair 2023.
  9. ↑ "Oiriúnach do 55". consilium.europa.eu. European council. Dáta rochtana: 10 Deireadh Fómhair 2023.
  10. ↑ "Mohammed Chahim". Politico (2022-10-12). Dáta rochtana: 2023-10-10.
  11. ↑ "EU Commission 'Fit for 55' package unfit to contain climate crisis". Greenpeace European Unit. Dáta rochtana: 2023-04-08.
  12. ↑ "Poland files lawsuit against key EU climate policies". Euractiv (29 Lúnasa 2023).