Jump to content

Oilibhéar Ó Croiligh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOilibhéar Ó Croiligh
Beathaisnéis
Breith5 Iúil 1940
Lavey, Northern Ireland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 2025
84 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine léannta, sagart Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Ba shagart agus scoláire é An tAthair Oilibhéar Ó CroilighOliver Crilly (a rugadh i Leamhaigh i gCo Dhoire ar an 5 Iúil 1940 agus a d'éag ar an 28 Meitheamh 2025).[1][2] Óna óige anall, rinne sé taighde mór ar scríbhneoireacht Sheosaimh Mhic Grianna as Rann na Feirste agus d'fhoilsigh dhá leabhar faoin ábhar, mar atá, Bealach Mhic Grianna agus An Crith Beo.[3]

Ba as Leamhaigh i gCo Dhoire ó dhúchas an tAthair Oilibhéar.

Bhí saothar ollmhór caite aige leis an Choimisiún Ceartais agus Síochána san iarracht a rinneadh le réiteach a fháil ar an stailc ocrais 1980-81. (Bhí an tAthair Oilibhéar ina chol ceathrar ag na stailceoirí ocrais Francis Hughes agus Thomas McElwee as Baile Eachaidh i gCo Dhoire a fuair bás i bpríosún na Ceise Fada i 1981).

St. Mary's, Greenlough, Clóidigh, Tamhlacht Uí Chroiligh, áit a raibh sé ina shagart paróiste, 2007-2015[4]

D'oibrigh sé le Coimisiún na bParáidí le dúil réiteach a fháil ar aighnis a bhaineann le paráidí conspóideacha sa Tuaisceart.

Chaith sé seal ag obair le Trócaire i Ruanda i ndiaidh an doirteadh fola a tharla le linn an chogaidh chathartha sa tír sin i dtús na nóchaidí.

Le linn 2007-2015, bhí sé ina shagart paróiste[4] i St. Mary's, Greenlough, Tamhlacht Uí Chroiligh , Clóidigh.[4]

Chaith sé an chuid dheireanach dá shaol i bparóiste na hUrnaí[5] agus Chaisleán na Finne in oirthear Chontae Dhún na nGall.[3]

Fuair an tAthair Ó Croiligh bás ar 28 Meitheamh 2025 in aois a cheithre bliana agus ceithre scór.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. William John O'Donnell (2025-06-29). "Fr Oliver Crilly (P.E. of Urney and Castlefinn Parish and former P.P. of Greenlough Parish)" (en-IE). WJ O'Donnell & Sons Funeral Directors. Dáta rochtana: 2025-08-05.
  2. Anton Mac Cába (3 Iúil 2025). "An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, scoláire, údar agus sagart ilghnéitheach, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-03.
  3. 1 2 Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2025-07-01). "An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh curtha i gcré na cille" (as ga-IE).
  4. 1 2 3 "Fr. Oliver Crilly’s Farewell Evening & Presentation | Tamlaght O’Crilly Greenlough Parish | Derry Diocese". www.greenlough.com. Dáta rochtana: 2025-08-05.
  5. "An Urnaí/Urney" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-08-05.