Oileán Europa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh
Oileán Europa ón aer

Is oileán íseal (28 ciliméadar) é Oileán Europa (Fraincis: Île Europa) amach ó chósta na Mósaimbíce. Tá 22.2 ciliméadar de chósta aige ach níl cuan ná calafort ar bith ann. Tá aerstráice 1,500 méadar ann.

Is tearmann dúlra é Oileán Europa agus is ann a neadaíonn níos mó turtair ghlasa ná in aon áit eile ar domhan. Tá gabhair fhiaine ann a d'fhág lonnaitheoirí ar an oileán san 18ú haois.

Ba ón long Shasanach Europa a thug cuairt ar an oileán sa bhliain 1774 a ainmníodh an t-oileán, ach tá sé i seilbh na Fraince ón mbliain 1897. Rinne daoine iarracht cur fúthu ann idir 1860 agus 1920 ach níl ach fothraigh, uaigheanna agus stáisiún eolaíochta Francach ann anois. Rialaíonn an Fhrainc an t-oileán mar chuid de la Réunion.