Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
Cuma
Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh an soláthróir oifigiúil de gach seirbhís fhoilsiúcháin agus bainistíocht eolais do gach foras, comhlacht agus gníomhaireacht an AE, amhail is dlí, sonraí oscailte, torthaí taighde agus fógraí fála. [1] Foilsíonn sí go suntasach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Bunaíodh an oifig sa bhliain 2009, [2] agus oibríonn sí faoi nósanna imeachta a leagadh amach sa bhliain 2012[3] ag an gcoiste bainistíochta.
== Bailiúcháin agus seirbhísí
- EUR-Lex, geata chuig achmainní dlí an AE.
- Tairiscintí go Leictreonach agus go Laethúil (Béarla: Tenders Electronic Daily (TED)), leagan ar líne den fhorlíonadh fála den Iris Oifigiúil, do chonarthaí poiblí os cionn €144,000 san AE féin, san European Economic Area agus thar lear.
- Catalóg ar líne don phobal (Béarla: Online public access catalog (OPAC)), agus ann níos mó ná 330,000 taifead le cuardach, agus meiteashonraí le híoslódáil.
- Seirbhís Eolais um Thaighde agus um Fhorbraíocht Chomhphobail (SeoTFC) (Béarla: Community Research and Development Information Service CORDIS), torthaí taighde maoinithe ag Cláir Réime an Chomhphobail do Thaighde agus d’Fhorbairt Theicneolaíoch
- European data: sonraí Eorpacha
- Foilseacháin an Aontais.
- EU Whoiswho: eolaire oifigiúil an Aontais.
- EU Web Archive: cartlann ghréasáin an Aontais.[4] Baintear leas as an seirbhís Archive-It.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "About us: mission, vision, values". op.europa.eu. Dáta rochtana: 16ú Meitheamh 2022.
Text copied from this source, available under a Creative Commons Attribution 4.0 International License.
- ↑ "2009/496/EC, Euratom: Decision of the European Parliament ... [et al.] ... of 26 June 2009 on the organisation and operation of the Publications Office of the European Union".
- ↑ "Rules of Procedure of the Management Committee of the Publications Office of the European Union". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ "EU web archive - Web tools". Publications Office of the European Union. Dáta rochtana: 7ú Eanáir 2021.