Jump to content

Oideolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Detail of a scene in the bowl of the letter 'P' with a woman with a set-square and dividers; using a compass to measure distances on a diagram. In her left hand she holds a square, an implement for testing or drawing right angles. She is watched by a group of students.
Bean ag teagasc  céimseatan (mionsonra de lámhscríbhinn soilsithe ón 14ú haois, ag tús Στοιχεῖα (Stoicheia;Gaeilge:Uraiceachtaí) le Eoiclídéas san aistriúchán a chuirtear i leith Adelard ó Bath)

Is éard atá i gceist le hoideolaíocht — a thuigtear go coitianta mar an cur chuige i leith teagaisc — ná teoiric agus cleachtas na foghlama, chomh maith leis an gcaoi a mbíonn tionchar ag an bpróiseas seo ar fhorbairt shóisialta, pholaitiúil agus shíceolaíoch na bhfoghlaimeoirí.

s éard atá i gceist leis an oideolaíocht, nuair a breathnaítear uirthi mar dhisciplín acadúil, ná staidéar ar an gcaoi a gcuirtear eolas agus scileanna in iúl i gcomhthéacs oideachasúil, agus breithníonn sí na hidirghníomhaíochtaí a tharlaíonn le linn na foghlama. Bíonn éagsúlacht mhór ag baint le teoiric agus cleachtas na hoideolaíochta araon, go mór mar go léiríonn siad comhthéacsanna sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha éagsúla.