Jump to content

Oideachas reiligiúnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coláiste Holy Cross agus an "Mater Dei",  Cluain Life, BAC. Dúnadh iad sna 2000-2010idí

In Éirinn is éard atá i gceist leis an oideachas reiligiúnach[1] (nó teagasc creidimh)[2] ná tacú le spriocanna iomlánaíocha an oideachais trí fhás pearsanta a chur chun cinn agus forbairt spioradálta a éascú.[3] Spreagann sé an duine le tabhairt faoi chuardach na brí agus tugann sé deis dó machnamh a dhéanamh agus tuiscint agus léirmhíniú a fhorbairt ar an taithí sin i bhfianaise ár ndomhain síorathraithe. Tugann sé deis don duine scéalta reiligiúnacha a fhiosrú agus, nuair is cuí, a scéal reiligiúnach féin, agus chun a áit féin sa scéal sin anois agus sa todhchaí a mheas.[4]

Sna scoileanna in Éirinn, taispeántar raon leathan traidisiúin reiligiúnacha don scoláire agus spreagann sé cur chun cinn na comhthuisceana agus na caoinfhulaingthe. Éascaíonn sé forbairt mhorálta trí phróiseas cinnteoireachta morálta a chur i bhfeidhm.[4]

Poblacht na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Bunreacht na hEireann:

Airteagal 44: 2.5°: Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin a bhainistí, agus maoin, idir shoaistrithe agus do-aistrithe, a bheith dá gcuid féin acu, agus í a fháil agus a riaradh, agus fundúireachtaí chun críocha creidimh is carthanachta a chothabháil.

De réir an airteagail seo mar sin ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir na haicmí creidimh éagsúla agus go bhfuil sé de cheart ag páistí freastal ar scoileanna[5] atá maoinithe ag an Stát gan freastal ar ranganna creidimh. I ngníomh, bíonn ranganna faoi leith i dteagasc creidimh agus tá sé de cheart ag tuismitheoirí páiste a thógáil ón scoil le linn an ama sin. Ach, tá an curaclam amhlaidh nach bhfuil na hábhair scartha go huilig ón chéile agus tagann meon na scoile i gceist leis na hábhair ar fad.

Tá sé ráite go bhfuil sé i gceist ag an airteagal nach féidir diúltú páiste a ghlacadh i scoil atá maoinithe ag an Stát ar bhunús an chreidimh atá ag an bpáiste.

Tuaisceart Éireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialaigh an Chúirt Uachtarach in Londain ar an 19 Samhain 2025 [3] [6] go raibh teagasc Críostaí i scoil i dTuaisceart Éireann ag teacht salach ar dhlíthe cearta daonna. Athdhearbhú ab ea rialú na dTiarnaí breithimh ar bhreithiúnas a rinne an Ard-Chúirt i mBéal Feirste sa bhliain 2022.[7]

Thug an Chúirt Uachtarach lántacaíocht do rialú na hArd-Chúirte in 2022 gur shárú ar Airteagail 2 agus a 9 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ab ea teagasc creidimh agus adhradh coiteann mar a leagadh síos sa churaclam iad, toisc nár cuireadh i láthair iad go hoibiachtúil, criticiúil, agus iolraíoch. Glacadh leis go gcuirfeadh an aistarraingt ón rang creidimh ualach róthrom ar na tuismitheoirí agus go mbeadh stiogma ag baint leis don chailín chomh maith le baol bulaíochta; sárú cearta.[8]

Dúirt na Tiarnaí go soileir nárbh ordú chun dí-eaglaiseachas a chur i bhfeidhm a bhí ann.[9] Níor dhúirt na Tiarnaí breithimh ná éinne eile nár cheart teagasc Críostaí a sholáthar i scoileanna.

Bhain an cás le teaghlach amháin agus le dalta scoile aonair, cailín 7 mbliain d'aois ag an am (Year 3). Tar éis tamaill ar scoil (scoil stáit) thosnaigh sí ag rá altú roimh bhia sa bhaile. Í ag rá freisin gurb é Dia a chruthaigh an domhan. Ar an mbunscoil a d’fhoghlaim sí an teagasc Críostaí sin. Síolteagasc, soiscéalachas agus iompúchán a bhí i gceist, a mhaígh an t-athair. Níor thángthas ar réiteach sásúil chun malairt seirbhís scoile a chur ar fáil don dalta dá dtógfaí amach as ranganna creidimh í.[7]

Ní hé go bhfuil córas tuata de dhíth anois chun forálacha an rialaithe seo a shásamh ach beidh athuithe de dhíth a chruthóidh spás do chreidimh agus reiligiúin eile chomh maith.[3][10]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, religious education
  2. i mBéarla, religious instruction
  3. 3.0 3.1 3.2 Pól Ó Muirí (26 Nollaig 2025). "Tig leis an dlí a bheith ina uirlis mhaol agus cúrsaí creidimh faoi chaibidil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-26.
  4. 4.0 4.1 "Oideachas Reiligiúnach | Curriculum Online" (ga-IE). curriculumonline.ie. Dáta rochtana: 2025-11-26.
  5. Ciallaíonn bunachas oideachais i gcomhthéacs seo naíonra, bunscoil nó iar-bhunscoil, foras a sholáthraíonn oideachas aosach, oideachas leanúnach nó breisoideachas, nó ollscoil nó aon fhoras tríú leibhéal nó ardleibhéil eile, cibé acu atá sé á chothú ag cistí poiblí nó nach bhfuil.
  6. supremecourt.uk (19 Samhain 2025). "Cinneadh - foinse".
  7. 7.0 7.1 Póilín Ní Chiaráin (23 Samhain 2025). "Glactha leis sa chúirt ó thuaidh go mbíonn teagasc creidimh ag sárú cearta daonna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-26.
  8. Sa daonáireamh 2021 ó thuaidh, dúirt 46% den phobal go bhfuil cúlra Caitliceach acu agus 43% go bhfuil cúlra Protastúnach acu, agus bhí 19% ann nach raibh istigh i gceachtar den dá rogha sin – an líon is airde riamh.
  9. Mhaígh roinnt nach gceadófaí dráma Nollag ná carúil i scoileanna feasta ach ní fíor sin.
  10. Ursula Savage (2 Nollaig 2025). "Athruithe i ndán don teagasc creidimh ó thuaidh" (`ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-12-03.
  11. "VERITAS - I nGrá Dé - Rang a Ceathair ( Bunscoil 6 ) ( 4TH CLASS - Leagan Gaeilge)" (en). TheBookshop.ie. Dáta rochtana: 2025-11-26.