Oibríocht Entebbe (1976)

Rinneadh tarrtháil ar na gialla le linn Oibríocht Entebbe ar 4 Iúil 1976 ag Aerfort Entebbe in Uganda. Ba chróga an tarrtháil í agus d'éirigh go geal leis.
Na himeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla lá roimhe sin, ar 27 Meitheamh, d'fhuadaigh buíon sceimhlitheoirí[1] eitleán de chuid Air France, díreach tar éis éirí in airde ón Aithin dó, agus é ar a shlí ó Iosrael go dtí an bhFrainc.[2] Bhí an drong bainteach leis an ‘bhFronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne’

Bhí anbhá agus alltacht ann, ach mearbhall lena chois sin nuair a tugadh le fios go raibh an t-eitleán tar éis tuirlingt in Uganda mar a raibh an ghealt thíoránach Idi Amin i gcumhacht. É mórchúiseach, lán de bhuaileam sciath agus imithe glan as a mheabhair.[2] Chuir Idi Amin fáilte roimh na fuadaitheoirí.

Ar an 4 Iúil, rinne fórsaí ón Iorael ionsaí dásachtach ar an aerfort. Thuirling buíon cománlach as Iosrael i lár an oíche, agus tháinig siad aniar aduaidh ar na fuadaitheoirí.
Caillteanais[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinneadh tarrtháil ar na 106 giall; maraíodh triúr, gafa i lár an achrainn (bhí giall eile, Dora Bloch (76) gafa san ospidéal in Entebbe ag an am; feallmharaíodh í níos déanaí, gan trua, gan taise).[3] Maraíodh deartháir Benjamin Netanyahu sa ruathar tarrthála (Lt. Col. Yonatan Netanyahu), an t-aon cománlach Iosraelach a fuair bás.
Maraíodh na fuadaitheoirí go léir agus bhain caillteanais ollmhóra do Idi Amin. Fuair 46 saighdiúir de chuid Uganda bás, ach go háirithe, scriosadh 11 MiG-17 and MiG-21, buamadóirí troda de chuid Uganda. Tharraing míchuibhiúlacht gníomhartha Uganda náire ar Idi Amin agus a rialtas, mar a chonacthas thar lear é.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ mar a thug rialtas na linne orthu
- ↑ 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (2018). "Tráthúlacht thruamhéalach ag baint le Seven Days in Entebbe ach é rómheáite róthomhaiste róleamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-27.
- ↑ "Murder of Dora Bloch" (as en) (2021-04-14). Wikipedia.
- ↑ "The Last King of Scotland (film)" (as en) (2021-06-20). Wikipedia.
- ↑ "Raid on Entebbe (film)" (as en) (2021-06-23). Wikipedia.
- ↑ "Entebbe (film)" (as en) (2021-06-08). Wikipedia.