Jump to content

Ionsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli incursions in the West Bank during the Gaza war (en) Aistrigh, Cogadht Iosrael-Hamas agus Middle Eastern crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse21 Eanáir 2025 - 
Tíran Phalaistín Cuir in eagar ar Wikidata

Thosaigh feachtas Arm Iosrael sa Bhruach Thiar ar an 19 Eanáir 2025, dhá lá tar éis don socrú sealadach síochána a bheith déanta le Hamas i nGaza (=> Cogadh Iosrael-Gaza). Thug Arm Iosrael "Balla Iarainn" ar an oibríocht mhíleata.[1]

In ainneoin an tsosa comhraic in Gaza, ní raibh aon sos ar an mBruach Thiar. Nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm ar an 19 Eanáir 2025 i nGaza, aistríodh trúpaí Iosrael go dtí an Bruach Thiar agus bhí an foréigean géaraithe go tréan ann. Ar an 21 Eanáir Thug Arm Iosrael ruathar faoin taobh ó thuaidh den Bhruach Thiar, "ar thóir grúpaí armtha".

Tá an Bruach Thiar, ina raibh cónaí ar 3 mhilliún Palaistíneach in 2025, faoi Fhorghabháil Iosrael ó 1967, go mídhleathach de réir dlí idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe. Bhí 500,000 Iosraelach ina gcónaí sa limistéar in 2025, i gcoilíneachtaí a bhí ag sárú an dlí idirnáisiúnta.[2]

Cé gur lean coilínigh ag cur fúthu go mídhleathach ar an mBruach Thiar, in 1994 cuireadh an limistéar faoi bhainistíocht Údarás na Palaistíne (UP).

Chuir UP an campa Jenin faoi léigir i mí na Nollag 2024. Ag iarraidh “coirpigh a ruaigeadh as” a bhí fórsaí UP. Idir ionsaithe Arm Iosrael ar bhailte agus ar cheantair sa Bhruach Thiar, go háirithe ar bhaile agus campa teifeach Jenin, le hais léigear UP ar an gcampa céanna. Buaileadh go dona na campai Tulkarem agus Nur Shams chom maith, agus lean ionsaithe na gcoilíneach ar aghaidh, mar shampla ar bhailte Jinasfut agus Funduq, soir ó Qalqilya.[3]

Ar an 23 Feabhra 2025, sheoladh Arm Iosrael tancanna go Jenin (níor fhacthas tancanna de chuid Iosrael cheana ar an mBruach Thiar le breis ó 2002, aimsir an Dara Intifada, nó Mór-Éirí Amach na bPalaistíneach).[4]

Ar an 24 Feabhra 2025, dúirt an tArdRúnaí Antonio Guterres, ceannasaí na Náisiún Aontaithe, gur "údar an-mhór imní" é an chaoi a raibh coilínigh de chuid Iosrael sa Bhruach Thiar ag géarú ar an bhforéigean agus ag éileamh go nglacfaí seilbh iomlán ar an áit.

Ar an 10 Márta, mharaigh Údarás na Palaistíne Abdul Rahman Abu Al-Muna, ceannaire ar na Jenin Brigades.[5] Ansin dhiúltaigh Iosrael cead isteach sa Champa Jenin. Mheas na Náisiúin Aontaithe go raibh 40,000 duine díbeartha as Campa Teifeach Jenin le linn Eanáir-Márta 2025.[6]

Chuir Dochtúirí gan Teorainneacha (MSF) fainic "faoin mór-chontúirt" do Phalaistínigh a bhí díbeartha as a gcuid tithe ag an bhfeachtas leanúnach a bhí ar bun ag Arm Iosrael ar an mBruach Thiar. D'éiligh an cumann ar Iosrael "deireadh láithreach" a chur le dí-shealbhú daoine agus a chinntiú go bhfuil cuidiú fóirithinte ar fáil. Dúirt MSF go raibh "na scórtha míle fágtha gan dídean agus gan seirbhísí riachtanacha" agus gur "mór-údar imní meabhairshláinte an phobail sa réigiún".[2]

I mí na Bealtaine, dúirt an tAire Airgeadais Bezalel Smotrich go gcuirfear dlús faoi bhunú lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar; go n-infheisteofar $2bn in infreastruchtúr ansin agus go gceadófar, go hoifigiúil, na 15,000 teach úr atá tógtha ansin ó thús na bliana.[7]

Ar an 21 Bealtaine, 2025, scaoil saighdiúirí Iosrael urchair gar do ghrúpa taidhleoirí as an Aontas Eorpach agus iad ar cuairt ar an mBruach Thiar. Bhí beirt as Éirinn ina measc.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Diana Safieh (2025-02-22). "‘Iron Wall’: How Israel is demographically re-engineering the West Bank - Visit our new website: www.britainpalestineproject.org" (en-GB). Dáta rochtana: 2025-03-24.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-03-24). "21 maraithe ag Arm Iosrael thar oíche i nGaza" (as ga-IE). 
  3. Diarmuid Breatnach - An Páipéar (2025-01-31). "An bruach thiar gan sos comhraic" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-24.
  4. Nuacht RTÉ (2025-02-24). "Borradh faoi fhoréigean Iosrael ar an mBruach Thiar" (as ga-IE). 
  5. "PA’s killing of resistance fighter amid army raid signals its open coordination with Israel" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  6. Nuacht RTÉ (2025-03-24). "21 maraithe ag Arm Iosrael thar oíche i nGaza" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2025-05-06). ""Déanfar scrios iomlán ar Gaza"" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2025-05-21). "Níl aon chúnamh faighte ag Palaistínigh fós, a deir carthanachtaí" (as ga-IE).