Jump to content

Obair anála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
cleachtaí domhainanálaithe (Béarla)

Is é atá in obair análaanálú comhfhiosach[1] ná dul i dtaithí ar aird chomhfhiosach a thabhairt ar an análú, agus an anáil a úsáid chun leasa d’intinne, do mhothúchán agus do cholainne. Tugann obair anála cúnamh do dhaoine an córas néarógach a rialú freisin.[2]

Téann go leor againn tríd an saol ag análú díreach a ndóthain le maireachtáil. Ach nuair a thugaimid ár n-aird ar chumhacht na hanála, tuigeann muid go bhfuil i bhfad níos mó i gceist ná feidhm bhitheolaíoch amháin. Tugann dea-nósanna análaithe deis dúinn a bheith ‘i láthair’, na mothúcháin a rialú agus imní a mhaolú.

Is féidir le obair anála cabhrú linn an imní agus an strus a ruaigeadh agus suaimhneas a thabhairt dúinn taobh istigh de chúpla nóiméad. Ach an obair anála a chleachtadh go rialta, is uirlis an-éifeachtach í a thacaíonn leis an mothú go bhfuil tú ‘i láthair’ agus aird agat ar an rud atá timpeall ort. Cuireann an t-análú bealach eile ar fáil dúinn le faoiseamh a fháil — bealach inmheánach a nascann muid lenár gcroí féin.[2]

Cleachtas simplí: análú an bhosca

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir an cleachtadh seo a dhéanamh cibé áit a mbíonn tú, mar shampla ag deireadh an lae roimh dhul a chodladh.[2]

  • Tarraing anáil isteach tríd do shrón ar feadh ceithre shoicind
  • Coinnigh d’anáil istigh ar feadh ceithre shoicind
  • Análaigh amach ar feadh ceithre shoicind tríd do bhéal
  • Ná tarraing anáil ar bith ar feadh ceithre shoicind

Glac sos gearr agus tabhair faoi arís trí nó ceithre bhabhta.

Tabhair faoi deara cén chaoi a bhfuil do cholainn agus d’intinn ag mothú ina dhiaidh sin, fiú tar éis cúpla babhta.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, conscious breathing
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Marian Ní Chonghaile (17 Aibreán 2025). "Tarraingíonn muid 22,000 anáil chuile lá, tabhair aird ar fiú ceann acu agus beidh faoiseamh agat" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-18.