Jump to content

Nursultan Nazarbaev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNursultan Nazarbaev

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(kk) Нұрсұлтан Әбішұлы Назарбаев
(ru) Нурсултан Абишевич Назарбаев Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Iúil 1940
86 bliana d'aois
Ushqonyr Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach Chomhairle na gCeannairí Stáit CIS
1 Eanáir 2015 – 31 Nollaig 2015
← Alexander Lukashenko – Almazbek Atambayev →
Cathaoirleach Chomhairle na gCeannairí Stáit CIS
20 Bealtaine 2006 – 5 Deireadh Fómhair 2007
← Vladimir Putin – Kurmanbek Bakiyev →
Chair of Amanat (en) Aistrigh
1 Márta 1999 – 28 Eanáir 2022 – Kassym-Jomart Tokayev →
1 Uachtarán na Casacstáine
16 Nollaig 1991 – 20 Márta 2019
← luach ar iarraidh – Kassym-Jomart Tokayev →
Ball de Pholitburo Lárchoiste an PCAS
14 Iúil 1990 – 28 Lúnasa 1991
Chairman of the Supreme Council of the Kazakh SSR (en) Aistrigh
22 Feabhra 1990 – 24 Aibreán 1990
← Mahtai Sagdiev, Koubilaï Medeoubekov – Yerik Assanbayev →
First Secretary of the Central Committee of the Communist Party of Kazakhstan (en) Aistrigh
22 Meitheamh 1989 – 28 Lúnasa 1991
← Gennady Kolbin
Chairman of the Council of Ministers of the Kazakh SSR (en) Aistrigh
22 Márta 1984 – 27 Iúil 1989
← Bayken Ashimov – Uzakbay Karamanov (en) Aistrigh →
Ionadaí Shóivéid Uachtarach Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Casacstáine
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tIoslam Sunnaíoch agus aindiachas
Céim acadúilDoctor of Economics (en) Aistrigh
Airde170 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaNur Otan
Fatherland (en) Aistrigh
People's Union of Kazakhstan Unity (en) Aistrigh
Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
Amanat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Chasaicis agus an Rúisis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataardcheannasaí Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arFórsaí Armtha Phoblacht na Casacstáine
Ghlac sé/sí páirt i
1 Meán Fómhair 20186th Summit of Cooperation Council of Turkic Speaking States in Cholpon-Ata (en) Aistrigh ../... 25+ Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSara Nazarbayeva Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDariga Nazarbayeva, Dinara Nazarbayeva, Aliya Nazarbayeva Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínBolat Nazarbayev
Croineolaíocht
16 Nollaig 1986-19 Nollaig 1986Jeltoqsan (en) Aistrigh
Páipéir Phanama Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinakorda.kz Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm8617683 TMDB.org: 1934446
X: Aidos_Ukibay Instagram: elbasy_nazarbayev Youtube: UCLhfqG-1oHMqm2l6h4Rh6Lg Cuir in eagar ar Wikidata
Nursultan A'bis'uly Nazarbaev

Státaire Casacach is ea Nursultan A'bis'uly Nazarbaev a rugadh ar 6 Iúil 1940. B'é an chéad uachtarán ar an gCasacstáin ó 1991-2019.[1] Ceapadh é mar Chéad Rúnaí Pháirtí Cumannach na Casacstáine sa bhliain 1989 nuair a bhí an Chasacstáin fós ina poblacht de chuid an Aontais Shóivéadaigh, agus toghadh é ina uachtarán ar an tír sa bhliain 1991 i ndiaidh don Chasacstáin a neamhspleáchas ón Aontas Sóivéadach a bhaint amach. Tá an teideal 'Ceannaire an Náisiúin' bronnta air.[2] In Aibreán na bliana 2015, atoghadh Nazarbaev mar uachtarán le beagnach 98% de na vótaí.

Cuireann roinnt eagraíochtaí cearta daonna sárú cearta daonna ina leith, agus dar leis The Guardian, tá easaontas curtha faoi chois agus rialachas forlámhach ar siúl aige. San Iarthar, ní ghlactar go raibh toghchán ar bith sa tír ón neamhspleáchas saor ná cothrom.[3] Sa bhliain 2010, d'fhógair sé céimeanna leasaithe chun córas ilpháirtí a chur ar siúil.[4] In Eanáir na bliana 2017, chuir an tUachtarán Nazarbaev leasuithe bunreachtúla i bhfeidhm a bhronnfadh cumhachtaí ar Pharlaimint na Casacstáine.[5]

Rugadh Nazarbaev in Chemolgan, baile beag faoin tuath gar do Almaty, nuair a bhí an Chasacstáin ina poblacht Shóivéadach. Oibrí bocht de chuid teaghlach rachmasach a athair gur coigistíodh maoin an teaghlaigh agus an comhsheilbheachas á chur i réim faoi na Sóivéadaigh sna 1930idí. Ina dhiaidh sin, thug a athair an chlann isteach sna sléibhte le saol fáin a leanúint. Ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, thug a athair an chlann ar ais go Chemolgan agus thosaigh Nursultan ag foghlaim na Rúisise.

Nuair a chuir Nazarbaev críoch lena chuid meánscolaíochta, chaith sé bliain faoi oiliúint i muileann cruach. Chaith sé blianta ag obair sna muilte cruach in Karaganda sa Chasacstáin agus d'fhreastail sé ar ranganna in Institiúid Pholaiteicnice Karaganda. Sa bhliain 1962 chuaigh sé i bPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh, ar dtús mar bhall de Léig Cumannach na nÓg. Thosaigh sé ag obair go lánaimseartha don pháirtí, ag baint tairbhe as a thaithí ag réiteach fadhbanna sna muilte. Sa bhliain 1984, ceapadh é mar Phríomh-Aire na Casacstáine faoi Dinmukhamed Kunayev, Chéad Rúnaí Pháirtí na Casacstáine.

  1. ↑ ferganews.com, President of Kazakhstan.
  2. ↑ "Kazakhstan election avoids question of Nazarbayev successor".
  3. ↑ "Kazakh President Re-elected; voting Flawed, Observers Say". The New York Times. “Kazakhstan has never held an election that was not rigged.”
  4. ↑ "Kazakhstan's long term president to run in show election – again". The Guardian. “Nazarbaev has clamped down on dissent in Kazakhstan, and the country has never held an election judged to be free or fair by the West.”
  5. ↑ "Kazakh Leader Ready to Devolve Some Powers to Parliament, Cabinet".