Nuaphróitéiní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Próitéiní a dhíorthaítear ó phróitéiní plandúla saothraithe nó comhdhéanta, nó próitéiní baictéaracha nó fungasacha. Tugtar próitéiní aoncheallacha orthu freisin. Is féidir na horgánaigh bhunúsacha a fhás ar raon leathan fuíll thionsclaíoch, cosúil le fuíoll hidreacarbóin ó pheitriliam nó fuíoll gráinne ón muilleoireacht. Baintear iad ansin agus aonraítear na próitéiní i gcomhair cothú daoine nó ainmhithe, is feidhmeanna eile sa cholainn.