Nuacht24
| Cineál | nuachtán |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | Eanáir 2009 |
| Áit a fhoilsithe | Béal Feirste |
| Tréith | |
| Formáid dáilte | an tIdirlíon |
| Suíomh | nuacht24.com |
Chuireadh Nuacht24, a bhí lonnaithe i mBéal Feirste, seirbhís nuachta ar fáil as Gaeilge ar bhonn leanúnach: dhéanadh an fhoireann nuashonrú ar an suíomh gréasáin go rialta. Foilsíodh leagan clóite gach seachtain ó thús 2009 go dtí lár 2010 freisin. Bhunaigh an t-iriseoir aitheanta Eoghan Ó Néill an tseirbhís sa bhliain 2009: tháinig sí i gcomharbas ar a bhlag nuachta, An Druma Mór. Bhí ceathrar fostaithe ag an nuachtán agus foilsíodh ailt de chuid scríbhneoirí amhail Eamon Ó Reachtair agus Meadbh Ní Eadhra air.[1]
Cúlra Uí Néill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iriseoir aitheanta is ea Ó Néill atá mar eagarthóir nuachta ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Tá go leor taithí aige: iar-eagarthóir ar Lá Nua agus iaririseoir le BBC Uladh is ea é freisin. Bronnadh gradam air mar Iriseoir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i dTeach Farmleigh.[1]
Buille mór ab ea scor Lá Nua ach nuair a cuireadh Nuacht24 ar bun laistigh de mhí dá éis sin, ba dhóigh le Ciarán Dunbar go raibh "guth láidir óg" le mothú i mBreac-Ghaeltacht Bhéal Feirste.[2]
Mhol Breandán Delap Ó Néill as "beatha" a choinneáil san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne nuair a bhí Lá Nua agus sean-Fhoinse araon faoin bhfód. "Éacht ollmhór" a bhí ann feidhmiú gan chuidiú ón stát mar a bhí Nuacht24 ag an am.[3]
An leagan clóite
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar le hEoghan Ó Néill, is maith an rud é leagan clóite a bheith ann:
“Tá daoine fós á iarraidh agus nuair a tháinig deireadh le Foinse tháinig borradh mór faoin méid daoine a bhí ag lorg leagan clóite. Taitníonn leagan idirlín leis an nglúin óg ach dóibh siúd atá thar 25 bliain d’aois ní mhothaíonn siad chomh compordach leis. Anuas air sin tá leagan clóite níos feiliúnaí don traein nó don bhus nuair a bhíonn daoine ag taisteal.”[1]
Ní ba dhéanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Nuacht24 maoinithe ag an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Ciste de chuid "Northern Ireland Screen". D'fhaigheadh an Ciste £3m chuile bhliain ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Chuile bhliain, thugadh sé maoiniú le haghaidh 75 uair an chloig ar a laghad de chláir Ghaeilge ar TG4, RTÉ agus BBC TÉ.
Bhí Ó Néill agus an fhoireann ag leanúint ar aghaidh le forbairt www.nuacht24.com ina mbeadh físeáin agus sruthanna nuachta ar fáil.
“Tá súil againn go mbeidh Fís 24 agus Nuacht 24 ag obair as lámha a chéile agus go mbeidh físeáin rialta nuachta ann roimh dheireadh an tsamhraidh.”[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=2544%5B%5D[nasc briste]
- ↑ Ciarán Dunbar (2025-07-03). "Nuacht24" (ga-UL). Slugger O'Toole. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Breandán Delap (Nollaig 2009). "Na Nuachtáin Nua". Beo! (104).