An Ghréigis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nua-Ghréigis)
Gréigis
(Ελληνικά)
Á labhairt: An Ghréig, an Chipir, an Albáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus tíortha eile
Réigiún: Na Balcáin
Cainteoirí san Iomlán: 15 milliún
Rang: 74
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gréigis
  
   Nua-Ghréigis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Ghréig, an Chipir
Foras Pleanála Teanga: --
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 el
ISO 639-2 gre (B) / ell (T)
ISO 639-3 ell
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. An dream sin a chuir cathair Mhicéanae ar bun agus tugtar na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Faoin am sin a thosaigh Ré Ársa na Sean-Ghréige.


An tSean-Ghréigis agus a réamhstair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is gnách trí thréimhse a aithint ar stair na Sean-Ghréigise: an tréimhse ársa (ón 9ú go dtí an 6ú haois RC), an tréimhse Chlasaiceach (ón 5ú go dtí an 4ú haois RC) agus tréimhse an Heilléanachais (tréimhse an Koiné, ´go dtí an 4ú haois AD). Is ionann Gréigis na tréimhse ársa agus Gréigis Hóiméir. Maidir leis an tréimhse Chlasaiceach, b'ansin a breacadh síos saothair mhóra liteartha na sibhialtachta Gréagaí a chuaigh go domhain i bhfeidhm ar an tsibhialtacht Iartharach go léir, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach raibh aon chaighdeán amháin i bhfeidhm san am. Ba í canúint na hAtaice ba mhó a d'úsáidtí sa phrós, ach san am chéanna bhí canúintí eile á saothrú le haghaidh cuspóirí liteartha éagsúla: ba í an chanúint Dhórach teanga na gcór sna traigéidí, mar shampla.

De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis in úsáid i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua - é koiné dialektos nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an Koiné canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an Koiné caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.

Gréigis na Meánaoise[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba í Gréigis na Meánaoise an cineál Gréigise a bhí á shaothrú in Impireacht na Biosáinte go dtí gur tháinig deireadh léi sa bhliain 1453. Sa Bhiosáint a thosaigh débhéascna na Gréigise i gceart. Is éard is ciall leis an téarma "débhéascna" ná go n-úsáidtear dhá theanga sa tsochaí, an ceann acu san litríocht ardealaíonta, an ceann eile le haghaidh gnóthaí laethúla. Sa chás seo ba leaganacha éagsúla den Ghréigis iad. Bhí an leagan ard bunaithe ar an leagan Clasaiceach de chanúint na hAitice, ach má bhí, teanga shaorga ar fad a bhí ann faoin am seo nach raibh ó dhúchas ag aon duine. Timpeall ar an mbliain 1100 thosaigh na chéad scríbhneoirí ag breacadh síos ábhair sa leagan íseal, is é sin i gcaint na ndaoine. Ba é an scéal laochais Digenis Akritas nó "Tiarna Teorainne na Fola Measctha" an chéad saothar tábhachtach i gcaint na ndaoine.

Chuaigh an chuid is mó de na canúintí Clasaiceacha in éag faoi thionchar an Koine, amach ó chanúintí beaga sna coilíneachtaí (an Ghréigis Phontach agus an Ghréigis Chapadócach). An chuid is mó de chanúintí na Gréigise inniu is as an Koiné a d'fhorbair siad.

An Nua-Ghréigis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is gnách a rá gur sa bhliain 1453, nuair a chuir ionradh na dTurcach deireadh leis an mBiosáint, a thosaigh stair na Nua-Ghréigise. Na forbairtí teangeolaíocha a rinne Nua-Ghréigis den teanga, thosaigh siad i bhfad roimhe sin, agus cuid mhaith acu le haithint sa Koiné. Tá Gréagach an lae inniu in ann adhmad éigin a bhaint as an Koiné, ach is beag a thuigfeadh sé de na canúintí Clasaiceacha gan oideachas ar leith a tharraingt air féin.

Maidir leis an débhéascna, mhair sé beo go dtí le déanaí sa Nua-Ghréigis féin, nó bhí lucht na teanga idir eatarthu faoin gcineál Gréigis ba chóir dóibh a úsáid sa litríocht. Ní raibh sé réalaíoch an tSean-Ghréigis a athbheochan mar theanga liteartha, ach sa 19ú haois d'oibrigh an náisiúnaí Adamantios Korais (1748–1833) amach a leagan féin den Ghréigis, a bhí idir eatarthu idir caint na ndaoine agus an Ghréigis sheanársa. Is gnách Gréigis íonghlanta nó katharevousa a thabhairt ar an leagan seo.

Ba í an katharevousa an teanga oifigiúil sa Ghréig nuair a bhain an tír amach a neamhspleáchas. San am chéanna ba í an Ghréigis Choiteann, an dimotiki, ba mhó a bhí á saothrú ag na scríbhneoirí agus ag na filí comhaimseartha. Sa bhliain 1976, i ndiaidh do junta míleata na Gréige titim as a chéile, d'ordaigh an rialtas daonlathach nua teanga oifigiúil a ghairm de chaint na ndaoine. Chuaigh an katharevousa as úsáid, cé go maireann iarsmaí áirithe de in úsáid liteartha an dimotiki féin.


An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig[athraigh | athraigh vicithéacs]

An Airméin[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir dhaonáireamh na hAirméine sa bhliain 2011 bhí idir 700-1000 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí san Airméin.

An Albáin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is mionteanga aitheanta í an Ghréigis san Albáin. Is í an mhionteanga leis an líon cainteoirí dúchasacha is mó san Albáin agus í mar mháthairtheanga ag 3% de dhaonra na tíre. Tá eolas ar an nGréigis ag thart ar 40% de dhaonra ná hAlbáine.

An Astráil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 2001 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 252,220 duine san Astráil.

Ceanada[athraigh | athraigh vicithéacs]

I 2011 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 108,925 (0.3% de dhaonra Cheanada) duine i gCeanada, shíos ó 117,285 (0.4%) i 2006.

An Chipir[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Ghréigis mar theanga oifigiúil (chomh maith leis an Tuircis) sa Chipir.

An Iodáil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Ghréigis aitheanta mar theanga mionlach in áiteanna áirithe san Iodáil.

An Rómáin[athraigh | athraigh vicithéacs]

I 2002 bhí 4,146 cainteoirí dúchasacha na Gréigise ina gcónaí sa Rómáin.

S.A.M.[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir shuirbhé ó 2006-2010 bhí an Ghréigis mar phríomtheanga ag 321,144 duine sna S.A.M..

An Úcráin[athraigh | athraigh vicithéacs]

I 2000 bhí an Ghréigis mar mháthairtheanga ag 5,829 duine san Úcráin, síos ó 7,210 i 1970.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]


Flag of Europe.svg athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE
An Ghréigis
Vicipéid le fáil as An Ghréigis freisin