Nua-Eabhrac (cathair)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNua-Eabhrac
New York (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

LeasainmBig Apple agus The City That Never Sleeps Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósSéamas II agus VII Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 40°42′N 74°00′W / 40.7°N 74°W / 40.7; -74
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán8,804,190 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús7,255.98 hab./km²
Líon na dteaghlach3,191,691 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighMórcheantar Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,213.369839 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce35.3995 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Hudson, An Abhainn Thoir, Abhainn Bronx, Harlem River (en) Aistrigh, Sunda an Oileáin Fhada, An tAigéan Atlantach, Upper New York Bay (en) Aistrigh agus Lower New York Bay (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde11 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTodt Hill (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síNew Amsterdam (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
1624
1626
Eachtra thábhachtach
Consolidation of New York City (en) Aistrigh (1 Eanáir 1898)
9/11 (11 Meán Fómhair 2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachNew York City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Nua Eabhrac Cuir in eagar ar WikidataEric Adams (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil886,000,000,000 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist10000–10499, 11004–11005, 11100–11499 agus 11600–11699 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód212, 347, 646, 718, 917 agus 929 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinnyc.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair Nua-Eabhrac suite ar chósta thoir thuaidh Stát Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Is í an chathair is mó daonra i Stáit Aontaithe Mheiriceá, (8.6 milliún sa bhliain 2017 ach nuair a chuirtear daonra a mbruachbhailte léi, is gaire do 20 milliún atá inti. Ar oirthear inbhear an Hudson atá sí, le New Jersey ar an taobh thiar den abhainn. Is í an chathair is mó i stát Nua-Eabhrac í.

Dealbh na Saoirse

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Manhattan sa bhliain 1660. Tá an tuaisceart ar dheis.

I mí Aibreán 1524, tháinig Giovanni da Verrazzano ar an áit ina bhfuil Cathair Nua-Eabhrac inniu. Bhí ar an laghad 5,000 duine den phobal Lenape ina gcónaí ann cheana. Taiscéalaí Iodálach i seirbhís choróin na Fraince, bhaist sé Nouvelle Angoulême ar an áit.[1]

Tháinig na Spáinnigh sa bhliain 1525 chun an cósta a thaiscéaladh (Río de San Antonio a bhaist siad ar an Hudson). Sa bhliain 1609, tháinig Henry Hudson, taiscéalaí Sasanach i seirbhís Comhlacht Dúitseach na nIndiach Thoir, ar Chuan Nua-Eabhrac arís agus é ag iarraidh an Pasáiste Siar a aimsiú. Sheol sé thuas an abhainn a thabharfadh na hOllannaigh an Abhainn Thuaidh uirthi. ("An Mhuiris" a thug Hudson féin uirthi in onóir Muiris, Prionsa Oráiste.) Scríobh chéad mhata Hudson gur "Cuan an-mhaith le haghaidh an uile ghaoth" a bhí inti agus go raibh sí "míle slí leathan" agus "lán d'éisc"."[2]

Thosaigh an inimirce ón taobh amuigh sa bhliain 1614 nuair a chuir an chéad eachtrannach faoi i Manhattan, fear de shliocht Afracach agus Portaingéalach a rugadh i Santo Domingo darbh ainm Juan Rodríguez (Jan Rodrigues sna foinsí Ollannacha). Tháinig coilínigh ón Ísiltír ag tosnú sa bhliain 1624. Sa bhliain 1626 cheannaigh Peter Minuit, stiúrthóir na coilíneachta, an t-oileán Manhattan ó na Lenape. Níor thug sé mórán air: go traidisiúnta deirtear gur thug sé luach $24 d'earraí air. Athainmníodh an áit Nieuw Amsterdam (Amsterdam Nua) agus trádáil i bhfionnaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch ba mhó a rinneadh ag an tús.[3] Sa bhliain 1664, rinne na Sasanaigh ionraic ar an gcathair agus thug siad New York air in onóir Diúc Eabhrac agus Albany.[4] Ag deireadh an Dara Cogadh Angla-Ollannach, fuair an Ísiltír smacht ar Shuranam, agus mar mhalairt, fuair na Sasanaigh teideal ar Nova Amsterdam.

Sonraí daonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tuarastal láir $38,293 in aghaidh an duine sa chathair sa bhliain 2000, agus tuarastal láir $41,887 in aghaidh an líon tí. Bhí tuarastal láir $37,435 ag fir, agus $32,949 ag mná. Bhí meántuarastal $22,402 ag muintir na cathrach. Bhí 21% den daonra agus 19% de líonta tí faoin líne bhochtaineachta. Ón líon atá ag maireachtáil i mbochtaineacht, bhí 30% faoi bhun aois 18 mbliain agus 18% 65 mbliain nó os a chionn.

Sa bhliain 2000, bhí 8,008,278 duine, 3,021,588 líon tí, agus 1,852,233 clann ag maireachtáil sa chathair. Bhí dlús daonra 10,194/km² (26,403/mi²) ann. Bhí 3,200,912 aonad tís, ag meándlús 4,074.6/km² (10,553/mi²). Maidir le cine, Bhí 45% Bán, 27% Gorm , 0.5% de Mheiriceánaigh Dúchais (Indiaigh Mheiriceá Thuaidh), 10% Áiseach, 13% de chiníocha eile, agus 5% de dhá chine ar a laghad. Bhí 27% den daonra de bhunadh Easpáinneach, a d'fhéadfadh baint le cine ar bith. Bhí thart ar milliún go leath daoine de bhunadh Éireannach i Nua-Eabhrac.

Bhí 3,021,588 líon tí, agus bhí leanaí faoi bhun 18 ag maireachtáil le 30% acu. Ba daoine aonair iad 32% de iomlán an uimhir líonta tí, agus bhí duine 65 mbliana ar a laghad ag maireachtáil le 10%. 2.6 an meán líon tí, agus 3.3 an meán líon clainne, tuismitheoirí san áireamh.

Sa chathair bhí 24% faoi bhun aois 18, 10% ó 18 go 24, 33% ó 25 go 44, 21% ó 45 go 64, agus 12% atá 65 bliain ar a laghad. 34 bliain ba ea an lár-aois. Bhí 100 bean in aghaidh gach 90 fear. Bhí 86 fear in aghaidh gach 100 bean os cionn 18 bliana.

Na Cúig Bhuirg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nua-Eabhrac/Manhattan sa bhliain 1873

Cúig bhuirg le chéile atá i Nua-Eabhrac, agus is contae de chuid stát Nua-Eabhrac gach ceann acu:

  • Manhattan – Contae Nua-Eabhrac, ach tugtar 'Manhattan' go hiondúil ar an mbuirg agus ar an oileán ar a bhfuil sé suite, daonra 1,636,268
  • An Bronx – Contae Bhronx, daonra 1,438,159
  • Brooklyn – Contae an Rí, daonra 2,621,793
  • Queens – Contae na Banríona, daonra 2,321,580
  • Oileán Staten – Contae Richmond, daonra 473,279

(Is as meastacháin 2014 na huimhreacha seo.)[5]

Toghann gach ceann den chúigear Uachtarán Buirge, ach faoi chairt na cathrach tá cumhacht teoranta ag uachtarán—tá buiséad beag discréideach aige nó aici le caitheamh ar thionscadail laistigh den bhuirg. (Cuireadh deireadh leis an gcumhacht tábhachtach deiridh a bhí acu—ball de Bhord an Oideachais a cheapadh—leis an mbord féin, ar 30 Meitheamh 2002.) Faoi láthair, bíonn uachtaráin na mbuirgí mar bhaill ex officio ar bhoird agus choistí éagsúla.

Tugtar "na Cúig Bhuirg" go minic ar iomlán na cathrach, ag úsáid an téarma "An Chathair" nó "The City" le haghaidh Manhattan, an t-oileán lárnach. Tugtar "na Buirg Lasmuigh" ("the Outer Boroughs") ar na ceithre cinn eile.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scoileanna bun- agus dara leibhéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freastalaíonn timpeall is 1.1 milliún páiste ar bhreis is 1,700 bunscoileanna agus ardscoileanna, agus is é an córas oideachais poiblí i gCathair Nua-Eabhrac an ceann is mó sna Stáit Aontaithe.[6] De sheanbhunús is ea na naoi scoil dara leibhéal speisialaithe a fhreastalaíonn ar mhic léinn a bhfuil tallann faoi leith acu. Tá isteach is amach ar 900 scoil príobháideacha sa chathair, idir neamhsheicteach agus reiligiúnda.[7]

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nua-Eabhrac – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 22.2 23.9 30 35.6 37.2 38.3 41.1 40 38.9 34.4 28.9 23.9 41.1
Meán-uasteocht an lae (°C) 3.33 5 9.89 15.94 21.61 26.11 29 28 23.72 17.5 11.72 6.06 16.5
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) -3.22 -2.17 1.72 6.78 12.33 17.39 20.44 19.83 15.72 9.78 5 -0.22 8.61
Teocht is ísle (°C) -21.1 -26.1 -16.1 -11.1 −2.2 6.7 11.1 10 3.9 -2.2 -13.9 -25 −26.1
Meán-bháisteach (mm) 104.9 80 111 108.7 119.1 97.5 117.3 107.2 107.4 97.8 110.7 100.3 1,262.1
Meán-shneachta (cm) 21.1 18.0 8.6 1 0 0 0 0 0 0 1 6.6 56.4
Foinse: NOAA Eanáir 2011

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáisiún subway i Manhattan
Traein agus stáisiún faoi thalamh i Nua-Eabhrac

Tá calafort mór ar a bruacha, ach tá go leor dá cuid gnó caillte ag Nua-Eabhrac le calafoirt eile, mar Elizabeth i New Jersey.

Tá Aerfort Idirnáisiúnta John F. Kennedy i Nua-Eabhrac, chomh maith le haerfort intíre La Guardia, iad araon in Queens. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Newark Liberty ar an taobh thiar de abhainn an Hudson, i New Jersey.

Tá dhá stáisiún traenach mór inti, Grand Central Terminal, an stáisiún traenach is mó ar domhan ó thaobh líon na n-ardán de, as a bhfágann traenacha Metro North, agus Stáisiún Pennsylvania, nó Penn Station mar a thugtar air de ghnáth, atá á úsáid ag an Long Island Rail Road agus ag an gcóras Amtrak.

léarscáil: Subway Chathair Nua-Eabhrac

Is córas iarnróid é Subway Chathair Nua-Eabhrac, an chuid is tábhachtaí de chóras iompair phoiblí na cathrach.[8] Tá 472 stáisiún in iomlán sa chóras, i Manhattan, an Bronx, Brooklyn, Queens agus níos faide.[9]

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceantar gnó mór í Nua-Eabhrac. Ar Wall Street, ar dheisceart Manhattan, atá gnó an infheistíochta bunaithe, agus fostaíonn sé na mílte.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cathair mhór daorchluiche atá inti, ó laethanta na Brooklyn Dodgers i leith. Tá Nua-Eabhrac ina baile dúchais de dhá fhoireann a imríonn ag leibhéal na Sraithe Móire. Sa Staid Yankee sa Bhronx a imríonn na New York Yankees, agus na New York Mets i bPáirc Citi, Queens.

Ó thaobh na peile Meiriceánaí den scéal, tá dhá fhoireann de bhunadh na cathrach ag imirt ag an gcéim is airde (NFL) - mar atá, na New York Giants agus na New York Mets. Tá a gcluichí baile á imirt acu in aon staid amháin - Staid MetLife in Rutherford Oirthear, New Jersey.

Ionaid turasóireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foirgneamh Empire State. Is é an Empire State Building ceann de na foirgnimh is airde sa chathair. Tá sé céad is a dó urlár in airde.

Central Park. Is é Central Park an Pháirc is mhór I Nua Eabhrac. Tá ghníomhachtaí go leor ann ar nós scátáil oighir, siúlóid, marcaíocht capall.

9/11. Is díol spéise do thurasóirí é cuimhneachán naoi a haon déag. Tá sé an bhrónach na hainmneacha go léir scríofa timpeall na háite ina bhí na dhá foirgneamh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rankin, Rebecca B. (1948). "New York: The World's Capital City, Its Development and Contributions to Progress". Harper. 
  2. "The Hudson River".
  3. Teimpléad:Cita publicació
  4. Homberger, Eric. Owl Books. The Historical Atlas of New York City: A Visual Celebration of 400 Years of New York City's History, 2005, p. 34. ISBN 0805078428.
  5. http://www.census.gov/quickfacts/table/PST045215/36061 i gcomhair Manhattan; táblaí eile ag an suíomh chéanna le haghaidh na mbuirgí eile
  6. "New York City Department of Education – About Us" (2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meán Fómhair 5, 2007. Dáta rochtana: Bealtaine 10, 2018.
  7. "Private School Universe Survey".
  8. Cathal Mac Coille (23 Márta 2024). "LITIR Ó NUA-EABHRAC: Ionsaithe, imní agus sábháilteacht, ar an Subway" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-23.
  9. http://web.mta.info/nyct/subway/howto_sub.htm

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spéirlíne Chathair Nua-Eabhrac ón Empire State Building.

Teimpléad:Cathair Nua-Eabhrac