Jump to content

Norma Foley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNorma Foley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1970
54/55 bliana d'aois
Trá Lí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige
23 Eanáir 2025 –
← Roderic O’Gorman
Teachta Dála
29 Samhain 2024 –
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: Ciarraí

An tAire Oideachais agus Scileanna
27 Meitheamh 2020 – 23 Eanáir 2025
← Joe McHughEiléana Nic an tSaoi →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Ciarraí

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata


X: NormaFoleyTD1 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir de chuid Fhianna Fáil í Norma Foley (a rugadh sa bhliain 1970). Toghadh Foley chun ionadaíocht a dhéanamh ar dháilcheantar Chiarraí in olltoghchán 2020 don chéad uair. Is iníon í leis an iarTheachta Dála Denis Foley ( 1981 -1989 agus 1992 - 2002).

2024

Bhain Foley céim agus H.Dip amach as Coláiste na hOllsooile Corcaigh. D'oibrigh sí ansin mar mhúinteoir i dTrá Lí sna 2000-2010idí.

Bhí Foley ina ball de Chomhairle Contae Chiarraí do cheantar Thrá Lí, áit a raibh sí ag fónamh ó 1994 go dtí gur toghadh í chun na Dála in 2020. D'fhóin sí freisin mar bhall de Chomhairle Ceantair Uirbeach Thrá Lí go dtí gur cuireadh deireadh leis an gComhairle in 2014.[1]

Ceapadh Foley mar Aire Oideachais i mí an Mheithimh 2020.

In Olltoghchán 2024, toghadh beirt ó Fhianna Fáil, Foley agus a chomhghleacaí Michael Cahill, ar an 13ú comhaireamh. Bhain Foley an cuóta amach agus chríochnaigh Cahill, thart ar 750 vóta chun tosaigh ar iarrthóir eile, chun an suíochán deireanach a fháil.

Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh Foley ina hAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, i Rialtas an 34ú Dáil.[2]

Sa bhliain 2005, phós Foley múinteoir eile, Denis Maguire.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "gov.ie - Norma Foley". web.archive.org (2022-04-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-01. Dáta rochtana: 2025-01-26.
  2. Nuacht RTÉ (23 Eanáir 2025). "Comhaireacht nua fógartha ag Micheál Martin" (ga-IE).
  3. Shauna Bannon Ward (2023-03-30). "Norma Foley’s wedding to teacher husband Denis Maguire and TD father" (en). RSVP Live. Dáta rochtana: 2025-01-26.