Nollaí (scannán)
| Nollaí agus Nolig | |
|---|---|
| Buneolas | |
| Comhlacht léiriúcháin | TAUNT |
| Mionsonraí | |
| Tír bhunaidh | Éire agus an Bhreatain Bheag |
| Céadléiriú | 14 Nollaig 2025 |
| Fad ama | 25 min |
| Bunteanga | an Ghaeilge an Bhreatnais |
| Cur síos | |
| Seánra | scannán Nollag |
Is scannán beag beochana Éireannach agus Breatnach é Nollaí (Breatnais: Nolig). Is gnáthfhia é Nollaig, nó "Nollaí" mar is fearr aithne air. Tá sé beagán ró-ard i measc na bhfianna b'fhéidir ach deirtear leis nach bhfuil ann ach go bhfuil sé mórchnámhach. Bíonn saol an mhada bháin ag Nollaí, é ina chónaí ar fheirm agus teaghlach daonna aige, go dtí go bhfaigheann sé amach go bhfuil seans ann gur fia mór na mbeann é! Téann Nollaí ar aistear chun fáil amach cad as a tháinig sé.[1][2][3]
Is é seo an chéad scannán beochana Nollag riamh a coimisiúnaigh TG4, BBC Tuaisceart Éireann agus S4C. Is léiriú é a thagann mar thoradh ar chomhoibriú cultúrtha idir Éire agus an Bhreatain Bheag, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann agus Coimisiún na Meán. Craoladh é den chéad uair ar Cúla4, TG4, BBC 2 Thuaisceart Éireann agus S4C araon ar an 14 Nollaig 2025.[2]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scéal teaghlaigh croíúil é Nollaí, scannán a léirigh Taunt Studios, agus leanann sé eachtra Nollaí, fia a tógadh ar fheirm i measc daoine, agus a chreideann gurb é an Megaloceros Giganteus deireanach ar domhan é. Aimsíodh é deich mbliana roimhe seo i liagchiorcal i ngeimhreadh dorcha, agus ó shin tá sé ina bhall fíorghníomhach den teaghlach. Le Sadhbh, a dheirfiúr dhaonna, agus Stoca an ialtóg fhuinniúil ina theannta, téann sé i mbun turas féinfhionnachtana a osclaíonn tairseach chuig domhan eile, domhan na bhfianna ollmhóra a d’fhéadfadh a chrann géineolaíoch a cheangal siar na mílte bliain. Ach ar a thuras fionnachtana dó an ndéanfaidh sé dearmad ar an teaghlach úd a thóg é?[2]
Cliar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas aisteoirí gutha an leagain Ghaeilge:[3]
- Nollaí: Jude Hartigan (Sol)
- Sadhbh: Bláithín McCusker (Dar le Daideo)
- Stoca: Mary Flannigan (bean ghrinn, Soft Border Patrol, The Rest of Us, Parish Matters)
- Daid: Conor Mac Neill (Industry, The Sixth Commandment, The Tourist, Derry Girls, Belfast, Outlander: Blood of My Blood)
- Oisín: Dannan Flynn (Dar le Daideo, Pals, Cois Cladaigh)
An Comhchoimisiúnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir Máire Uí Choisdealbha, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, gur céim mhór stairiúil don stáisiún agus don tionscal atá sa chomhléiriú seo: “Scannán séasúrach atá bunaithe ar scéalaíocht Cheilteach atá againn, agus táimid ar bís go bhfeicfidh teaghlaigh ar fud na tíre draíocht Nollaí.”[2]
Léirigh Karen Kirby ó BBC Thuaisceart Éireann gur comhar nua-aimseartha is fiú a cheiliúradh atá ann, ag rá, “Scéal uilíoch é seo faoi ghrá, muintearas agus féiniúlacht — scéal a sheasann thar theorainneacha agus thar theangacha.”[2]
Mhol Sioned Geraint ó S4C an athbheochan chultúir a eascraíonn ón tionscadal, ag rá, “Beidh Nollaí mar bhuaicphointe sceideal na Nollag do theaghlaigh sa dá theanga.”[2]
Dúirt Tom Getty agus Aisling McElroy: "Bhí am den scoth againn ar fad anseo in TAUNT agus ár scannán beag Nollaí á chruthú againn. Is foireann muid atá gafa leis an Nollaig. Mar sin, ba gheall le brionglóid dúinn a bheith ag obair chun an scannán seo a thabhairt chun fíre le bliain anuas. Ní éireodh linn aon chuid de seo a bhaint amach murach tacaíocht BBC TÉ, TG4 agus S4C, agus tacaíocht na maoinitheoirí; ILBF, Fís Thuaisceart Éireann agus Coimisiún na Meán. Tá súil againn go dtaitneoidh sé chomh mór céanna libhse is a thaitníonn sé linne."[3]
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug An Páipéar léiriú "ceannródaíoch idirnáisiúnta" air.[2]
"Beidh dúil mhór ag páistí in eachtraí Nollaí!" a dúirt Seachtain.[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seinnteoir TG4: Nollaí
- Seinnteoir S4C: Nolig
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Súil na Seachtaine" (10 Nollaig 2025). Seachtain: lch 4.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 "TG4, BBC agus S4C le comhléiriú ceannródaíoch do theaghlaigh a chraoladh an Nollag seo" (28 Samhain 2025). An Páipéar (57).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "An Chéad Scannán Beochana Nollag comhchoimisiúnaithe á sheoladh ag TG4, BBC Northern Ireland agus S4C | Preasráiteas". TG4 (25 Samhain 2025). Dáta rochtana: 2025-12-15.