Jump to content

Niilo Wälläri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiilo Wälläri

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1897
Lieto, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1967
69/70 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síWork People's College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Heilsincí
Stócólm Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, ceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirFinnish Seafarer's Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach Oibrithe na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis

Gníomhaí agus polaiteoir Fionlannach ab ea Niilo Frans Wälläri (nó Välläri, 6 Iúil 1897 Lieto go 25 Lúnasa 1967 Heilsincí) a raibh ról tábhachtach aige i stair cheardchumainn a thíre. Bhí sé ina chathaoirleach ar Aontas Mhairneálaigh na Fionlainne (Suomen Merimies-Unioni) ón nbliain 1938 go lá a bháis.

Blianta a Óige

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Súdaire a bhí in athair Niilo, Frans Wälläri, arbh as Punkalaidun dó. Saolaíodh ochtar clainne dó, agus ba é Niilo an duine ba shine acu. Fuair Frans Wälläri bás nuair nach raibh Niilo ach dhá bhliain déag d'aois.

Sa bhliain 1913 thug Niilo óg aghaidh ar an bhfarraige, agus trí bliana ina dhiaidh sin shocraigh sé sna Stáit Aontaithe. I Meiriceá dó chuaigh sé leis na Sindeacálaigh agus é gníomhach in Oibrithe Tionsclaíocha an Domhain (Industrial Workers of the World, IWW, nó na Wobblies). Rinne sé staidéar sa choláiste lucht oibre a bhunaigh na Sóisialaithe Fionlannacha in Duluth, Työväen Opisto/Work People's College. Ar duine acu siúd a bhí ag múineadh Wälläri bhí Leo Laukki, príomhoide an choláiste.

I Mí na Márta 1919 príosúnaíodh Wälläri, agus cuireadh ina leith nach raibh cead cónaithe aige - is é sin, gur inimirceánach mídhlíthiúil a bhí ann. Bhí sé le díbirt as na Stáit, ach ansin ligeadh saor é ar bannaí. Thosaigh sé ag foilsiú iris Shóisialach nua Fionlainnise sna Stáit, mar atá, Tie vapauteen ("Bealach na Saoirse"), agus i nDeireadh Fómhair 1920 cuireadh an díbirt i gcrích.

Filleadh go dtí an Fhionlainn, tréimhse na príosúnachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhill Wälläri go dtí an Fhionlainn i Mí na Samhna 1920, ach níor fhan sé ansin, nó chuaigh sé go dtí Cathair Pheadair le cúrsaí polaitíochta a fhoghlaim. Nuair a tháinig sé ar ais go dtí an Fhionlainn, thogh Páirtí Sóisialach Lucht Oibre na Fionlainne ina Rúnaí Réigiúnach do Chúige Uusimaa é. I Mí Eanáir 1922 rinneadh cathaoirleach don pháirtí de, agus é i mbun na hoibre seo ar feadh bliain amháin. I samhradh na bliana céanna toghadh ina bhall de Bhiúró Pholaitiúil an Pháirtí Chumannaigh é - ní raibh i bPáirtí Sóisialach an Lucht Oibre ach eagraíocht chumhdaigh do na Cumannaigh.

Roimh dheireadh na bliana céanna cháin Lárchoiste na gCumannach Wälläri agus Kusti Kulo, ball páirtí eile a raibh cúlra sna ceardchumainn aige, as a bheith ag sárú dhisciplín an Pháirtí, nó ní raibh siad ag tabhairt tacaíochta do gach polasaí de chuid an lárchoiste. Faoi dheireadh na bliana 1923 chinn údaráis na Fionlainne gníomhaíocht Pháirtí Sóisialach an Lucht Oibre a chosc, ós eagraíocht Chumannach a bhí ann, agus lucht ceannais an pháirtí a phríosúnú, Wälläri ina measc.

Sa phríosún dó, d'éirigh idir Wälläri agus lucht ceannais eile na gCumannach. Bhí sé ag cur in aghaidh iarrachtaí na gCumannach a ndisciplín féin a chur i bhfeidhm ar na príosúnaigh, agus d'éirigh leis lucht tacaíochta a mhealladh chuige féin agus a eagrú - cosúil leis féin ba cheardchumannaigh iad. Bhunaigh sé Grúpa Clé an Lucht Oibre san Fhionlainn (Suomen työväen vasemmistoryhmä), faicsean a bhí sásta comhoibriú leis na Daonlathaigh Shóisialta taobh istigh de na ceardchumainn. Sa bhliain 1930 bhí Wälläri ar duine acu siúd a bhunaigh Lár-Eagraíocht na gCeardchumann san Fhionlainn (Suomen ammattiliittojen keskusjärjestö, SAK) - bhí réamhtheachtaire an SAK, Ceard-Eagraíocht na Fionlainne (Suomen Ammattijärjestö, SAJ) coiscthe mar eagraíocht Chumannach.

Blianta an Chogaidh 1939-1944

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mblianta Chogadh na Leanúna, 1941-1944, bhí Wälläri go mór mór in aghaidh an dóigh a raibh lucht rialtais na Fionlainne ag comhoibriú leis an nGearmáin. Sa bhliain 1942 d'fhéach Aire na gCúrsaí Inmheánacha Toivo Horelli chuige gur croscheistíodh Wälläri, nó bhí an drochamhras ann go raibh sé i dteagmháil leis na naimhde. D'admhaigh Wälläri go raibh caidreamh aige le lucht ceannais na gceardchumann Sasanach nuair a bhí sé ar cuairt sa tSualainn. Thug cinnirí an SAK moladh d'Aontas na Mairneálach bata is bóthar a thabhairt do Wälläri mar chathaoirleach, ach ní raibh na mairneálaigh sásta an moladh sin a chur i gcrích. D'fhan Wälläri sa chathaoir, agus ní raibh de mhisneach ag an lucht rialtais aon chineál brú a chur orthu, ós rud é go raibh an trádáil leis an gcoigríoch ag brath ar chomhoibriú na mairneálach. Le fírinne bhí an raidió Sóivéadach ag caitheamh anuas ar Wälläri gan stad gan staonadh - pé cineál Sóisialach a bhí ann ba léir nár thaitin an cineál sin le Stailín, agus mar sin ní fhéadfá a rá gur ag comhoibriú leis an namhaid a bhí sé.

I nDiaidh an Chogaidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna chéad bhlianta i ndiaidh an chogaidh ghlac Wälläri páirt i ngníomhaíocht Chonradh Daonlathach Mhuintir na Fionlainne (Suomen Kansan Demokraattinen Liitto, SKDL). Páirtí eite clé, nó fiú comhghuaillíocht do pháirtithe na heite clé, a bhí ann agus í ag mealladh chuici an chuid den eite chlé nach raibh sásta dul sna Daonlathaigh Shóisialta. Cuid den SKDL ab ea Cumannaigh na Fionlainne. Ar feadh tamaillín bhí sé ar duine de lucht ceannasaíochta Pháirtí na hAontachta Sóisialaí (Sosialistinen Yhtenäisyyspuolue, SYP), páirtí beag eite clé a bhí gníomhach taobh istigh den SKDL.

Sna blianta iarchogaidh ba nós le Wälläri tuilleadh pá agus pribhléidí a éileamh do na mairneálaigh, agus na stailceanna ag teacht sna sálaí ag a chéile. Sa deireadh thiar bhí sé ina ábhar magaidh sa tír an dóigh a mbíodh Wälläri ag eagrú stailceanna - ba chuid de gach earrach í stailc na mairneálach, cosúil leis na héanacha imirceacha ag filleadh ó thíortha an Deiscirt. Bhí gnaoi na mairneálach ar Wälläri, áfach, agus chomh tábhachtach is a bhí na longa trádála do gheilleagar na tíre bhí, fiú, eagla áirithe ar na caipitlithe móra agus na polaiteoirí roimh Wälläri.