Nicole Fontaine
Polaiteoir agus Uachtarán Parlaimint na hEorpa (ó bhí 19 go 2002) ba ea Nicole Fontaine (16 Eanáir 1942 – 17 Bealtaine 2018). Ba í an dara hUachtarán mná ag Parlaimint na hEorpa í. Rinne sí maoirseacht ar ghlacadh an euro. D'athchóirigh sí mhodhanna oibre Pharlaimint na hEorpa chun go mbeadh ceangal níos dlúithe idir í agus saoránaigh na hEorpa.[1][2]
Tháinig Pat Cox as Luimneach i gcomharbacht uirthi.


Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Grainville-Ymauville na Normainne an 16 Eanáir 1942 a rugadh Nicole Fontaine. Dochtúir ab ea a hathair agus múinteoirí bunscoile ab ea a seantuismitheoirí. Chuaigh sí le dlí agus ceapadh ina habhcóide sna Hauts-de-Seine. Bhí Fontaine ag cur fúithi sa Cheathrú Laidineach i bPáras in 1968, tráth a chuaigh na mic léinn agus na hoibrithe i mbun círéibeacha. Bhí sí díreach tar éis a tréimhse staidéir san Institut d’Etudes Politiques de Paris (Sciences-Po) a chríochnú agus bhí sí ag súil lena céad pháiste. “Breathnóir le linn na n-imeachtaí sin seachas duine a ghlac páirt iontu” a thugadh sí uirthi féin.
Is ag an Secrétariat général de l’Enseignement catholique (Rúnaíocht an Oideachais Chaitlicigh) a chuir Fontaine tús lena gairm bheatha sa pholaitíocht, áit ina raibh sí freagrach as an gcaidreamh idir earnáil an oideachais phríobháidigh agus na húdaráis phoiblí. Ba chomhalta í den Conseil Supérieur de l’Education Nationale (Comhairle Náisiúnta Oideachais na Fraince) ó 1975 go dtí 1981 agus den Conseil eÉconomique et Social (An Chomhairle Eacnamaíochta agus Sóisialta) ó 1980 go dtí 1984.
Bhain sí clú agus cáil amach le linn díospóireachtaí náisiúnta faoin oideachas. Toghadh chun na Parlaiminte Eorpa í i mí an Mhaithimh 1984. Bhí sí ina Leas-Uachtarán faoi dhó, ó 1989 go dtí 1994 agus ó 1994 go dtí 1999. Réitigh sí comhaontuithe idir Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit maidir le dhá chlár don óige de chuid an Aontais (Socrates agus an Óige ar son na hEorpa).[2]
Toghadh Nicole Fontaine ina hUachtarán Pharlaimint na hEorpa ar an 20 Iúil 1999. Theip ar Choimisiún Santer i mí an Mhárta 1999 agus tháinig Coimisiún nua faoi stiúir Romano Prodi ar an bhfód I Meán Fómhair 1999, ag labhairt di ina céad óráid sa Chomhairle Eorpach in Tampere na Fionlainne, mhol sí cairt um chearta bunúsacha. I mí na Nollag 2000 shínigh sí an Cairt um Chearta Bunúsacha thar ceann Pharlaimint na hEorpa.
Thug sí le chéile Uachtarán Pharlaimint Iosrael agus Uachtarán Pharlaimint na Palaistíne in 2000, agus chroith an bheirt lámh a chéile. I mí Aibreáin 2001, d’iarr sí ar Ahmed Shah Massoud, Leas-Uachtarán na hAfganastáine, cuairt a thabhairt ar Strasbourg. An mhí ina dhiaidh sin d’iarr sí ar thriúr ban a d’éalaigh as Cabúl a bhfianaise a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

In 2002, d’éirigh Fontaine as Parlaimint na hEorpa chun a bheith ina hAire Tionscail sa Fhrainc i rialtas Jean-Pierre Raffarin.Toghadh chun na Parlaiminte Eorpa í arís in 2004. Scríobh sí roinnt leabhar, mar shampla i mí an Mheithimh 2016, Brexit, Une Chance? Repenser l’Europe (Brexit: Dá mba dheis é? Samhail nua d’Eoraip) leis an iriseoir Francach François Poulet-Mathis. Bhí Fontaine ina hoideachasóir chomh maith. Ba ollamh í san ESCP i bPáras, an coláiste gnó is sine ar domhan, agus san Ollscoil Nice Sophia Antipolis chom maith. Bronnadh an Bonn Robert Schuman agus Commandeur dans l’Ordre National du Mérite (Ceannfort san Ord Náisiúnta Fiúntais). D’éag Nicole Fontaine an 17 Bealtaine 2018 in aois 76 di. [2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ european-union.europa.eu. "Nicole Fontaine". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Nicole Fontaine – ceannródaí de chuid an Aontais | An tAontas Eorpach" (ga). european-union.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-05-30.