Jump to content

Nick Delehanty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNick Delehanty

Is fear gnó é Nick Delehanty (a rugadh timpeall 1990-1991) agus iarrthóir neamhspleách i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann 2025, atá i bhfad amach ar an eite dheis. Sheas mar neamhspleách san Olltoghchán, 2024. Bíonn ag labhairt amach in aghaidh an chaiteachais a dhéantar ar lóistín d’iarrthóirí tearmainn.[1] Deir Delehanty nach n-aontaíonn sé leis an illchultúrachas.[2]

Rugadh agus tógadh Delehanty ar fheirm mhuc i gContae Thiobraid Árann, ach bhí cónaí air sna 2020idí sa Rinn, Baile Átha Cliath, lena bhean chéile agus a mhac.

Ba dhlíodóir é sna 2010idí a d'oibrigh i mbainistíocht sócmhainní agus i gcistí infheistíochta. Bhunaigh sé gnó sna 2020idí, "Barkley" (cúram madraí).[3]

Fuair sé 2,272 vóta i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas san Olltoghchán, 2024.

Toghchán Uachtaránachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheol Delehanty a réamhfheachtas toghchánaíochta i mBaile Átha Cliath ar an 27 Lúnasa 2025, i gclub gailf le ceol traidisiúnta agus damhsóir Gaelach.[2] Dúirt Delehanty (i mBéarla): "Is maith cultúr Gaelach a bheith againn agus cultúr Gaelach a cheiliúradh agus bheith bródúil as bheith Éireannach"

Dúirt Delehanty go bhfuil “Gaeilge na hArdteiste” aige. Dúirt Delehanty nach gceapann sé gur ghá go mbeadh an Ghaeilge ag Uachtarán na hÉireann an lá a sheasfadh sé in Áras an Uachtaráin ach gur cheart dó iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim le linn an théarma. Gheall Delehanty go gcruthódh sé sraith físeán ar na meáin shóisialta ina gcuirfeadh sé síos ar a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a fhoghlaim.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (28 Lúnasa 2025). "Ranganna Gaeilge á ndéanamh ag Gareth Sheridan ‘ó d’fhill sé ar Éirinn’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-28.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-08-14). "Gareth Sheridan 'le díriú ar cheist na tithíochta'" (as ga-IE). 
  3. Ben Scallan (2025-07-04). "The Áras: Who’s interested, who’s out, and who might run" (en-GB). Gript. Dáta rochtana: 2025-08-28.