Nicholas Weston
Ba bhardasach Bhaile Átha Cliath agus ceannaí rathúil é Nicholas Weston (?-1617) mac le John Weston, ceannaí as Droichead Átha, agus a bhean chéile Hamonella, iníon le Nicholas Merchant, ceannaí as Droichead Átha freisin. Faoin mbliain 1586, phós Nicholas Anne, iníon le Christopher Sedgrave (?- 1589), ardmhéara Caitliceach suntasach as Baile Átha Cliath; bhí cúig mhac agus trí iníon acu.[1][2]
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1577 tugadh saoránacht de chuid Átha Cliath do Nicholas agus bhí cónaí air ar an tSráid Ard. D'éirigh sé go gasta suas céimeanna na cathrach, ag éirí ina sirriam (1587 -8), ina bhardasach (1591) agus ina mhéara (1597 -8). Chuidigh a Phrotastúnachas lena dhul chun cinn, chomh maith lena ról mar chreidiúnaí tábhachtach do rialtas Átha Cliath a bhí faoi bhrú airgid. In ainneoin an chosc a bhí ar thrádáil, faoin mbliain 1589 bhí sé i mbun fiontair loingseoireachta go dtí an Spáinn. Cheadaigh an rialtas a ghníomhaíochtaí toisc gur úsáid sé na fiontair seo chun spiaireacht a dhéanamh ar ullmhúcháin chabhlaigh na Spáinne. Is trádáil an-bhrabúsach a bhí ann seo, agus thug na brabúis a gnóthaíodh deis dó infheistíocht a dhéanamh i bhfiontair loingseoireachta a bhí ag éirí níos uaillmhianaí le linn na 1590idí.
Thug Cogadh na Naoi mBliana (1594 -1603) idir rialtas na Banríona Eilís agus Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, deiseanna breise spiaireachta do Nicholas, toisc go raibh muinín ag an iarla as a dheartháir, Richard. Le linn an chogaidh, bhí Richard lonnaithe i nDún Dealgan, ag gníomhú mar sheoltóir chun soláthairtí ó Nicholas a sheachadadh chuig Tír Eoghain. Uair amháin ar a laghad, thaistil Richard go Cúige Uladh chun bualadh le Tír Eoghain. Mar a tharla le trádáil Nicholas leis an Spáinn, spreag an rialtas an forbairt seo toisc go raibh Richard in ann faisnéis a sholáthar ar ghluaisne agus ar phleananna na reibiliúnaithe.
Bhí ról ríthábhachtach ag Weston freisin i soláthar a dhéanamh don arm ríoga, ag am nuair a bhí acmhainní an rialtais faoi bhrú mar gheall ar an gcogadh le Tír Eoghain. Ar iarratas an rialtais, in earrach na bliana 1595, thaistil sé go pearsanta go Danzig agus d’fhill sé le soláthairtí gráin a bhí ag teastáil go géar. Ní b'uaillmhianaí, sa bhliain 1596, chuir sé dhá long chun iascaireachta amach ó chósta Thalamh an Éisc. Is dóichí, as seo go ceann cúig bliana, gur sheol sé longa trasna an Atlantaigh go rialta chun soláthairtí a thabhairt ar ais don arm ríoga. Cinnte sa bhliain 1601, rinne sé conradh foirmeálta leis an rialtas chun iasc a bhí gafa ag na trí long a chuir sé go Talamh an Éisc a sholáthar don arm. Chruthaigh an fiontar 1601 tubaiste, mar a ghabh cabhlach Spáinneach a longa amach ó chósta Chionn tSáile. D’éirigh leo éalú ina dhiaidh sin ach gur rug príobháideach Sasanach orthu, a dhíol an ghabháil éisc go mídhleathach i Sasana. Mheas Weston gur chaill sé thart ar £800 san iomlán agus cuireadh ina choinne gan dul sa tóir ar aon ghnóthas den chineál sin.
Ní raibh an-chion ag a chuid comh-ardmhéara ar Weston, mar gheall ar a reiligiún agus an fabhar a bhí aige faoi rialtas nach raibh tóir air. Ghoill an deonú pribhléidí speisialta tráchtála dó ar an 3 Feabhra 1596 go mór orthu. I mí an Mhárta 1597 rinne binse na seanóirí i mBaile Átha Cliath iarracht custaim a ghearradh ar ar onnmhairí Weston, gan cead ón rialtas agus bhagair siad a lasta a urghabháil fiú. Sa bhliain 1596 agus arís sa bhliain 1598 cuireadh tréas ina leith, ach diúltaíodh na cúisimh. Go háirithe agus é ina mhéara ar Bhaile Átha Cliath i 1597-8, bhí baint aige le go leor beart dochraideach. Mar sin féin, thuig comhaltaí Bhardas Bhaile Átha Cliathh freisin gurbh é Weston an t-ionadaí idéalach ag an gcúirtt chun aisíoc iasachtaí agus soláthairtí a tugadh don rialtas a áirithiú. Chuaigh sé go Londain thar ceann an bhardais sa bhliain 1582 agus arís sa bhliain 1599.
Faoi dheireadh Chogadh na Naoi mBliana sa bhliain 1603, bhí cás airgeadais Weston sáinnithe go baolach. Mhaígh sé gur chaill sé ceithre long agus £9,000 in earraí do phríobhánaigh agus gur thug sé iasacht fhairsing don rialtas gan mórán toradh. Sa bhliain 1603, bhuail sé go háirithe é nuair a dhiúltaigh an choróin d’airgeadra copair na hÉireann, a bhí lagaithe. I mí na Bealtaine 1604 bhí £2,000 ar fad mar fhiacha air agus d’iarr sé cosaint ó bheith curtha i bpriosún le haghaidh féimheachta. Mar sin féin, agus Éire faoi smacht iomlán na corónach anois, chonaic sé an deis talamh a fháil go saor i gCúige Uladh trí idirbheartaíochtaí airgeadais le tiarnaí Uladh a bhí buailte. Dealraíonn sé go raibh Tír Eoghain, Dómhnall Ballach Ó Catháin, agus Ruaidhrí Ó Domhnaill, iarla Thír Chonaill, i nDoire agus i nDún na nGall agus brabúis éagsúla iascaireachta a ghealladh do Weston mar urrús ar fhiacha. Mar sin féin, bhí iomaíocht ghéar roimh Weston sa streachailt ar son talún in Ulataibh, agus ba é an neach ba mhó a bhí ann ná Sir Arthur Chichester, Leas-Tiarna na hÉireann ó 1604 go 1616. Bhí an bheirt fhear ag iarraidh cearta iascaigh na Banna a fháil ar bhealach sách amhrasach. Streachailt éagothrom a bhí ann; i mí na Bealtaine 1610 chuir Chichester i leith Weston go raibh clúmhilleadh á scaipeadh aige in aghaidh phrionsa na Breataine Bige. Thuig Weston an nod agus thréig sé a éileamh ar an Bhanna. Cuireadh iallach air freisin a éileamh ar thalamh i nDún na nGall a thabhairt sua, chun cur chun cinn na Plandála in Ulaidh, cé go mb'fhéidir gur tugadh cúiteamh dó trí dheontais talún in áiteanna eile.