Nicholas Leblanc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dealbh de Nicholas Leblanc

Ceimicí Francach ab ea Nicholas Leblanc (6 Nollaig 174216 Eanáir 1806). Shaothraigh sé próiseas Leblanc chun sóid a tháirgeadh ó ghnáthshalann ar bhonn trádálach. Measctar aigéad sulfarach le salann chun sulfáit sóidiam a dhéanamh. Nuair a mheasctar seo le carbón, cruthaítear suilfíd sóidiam, agus imoibríonn sí seo le haolchloch chun carbónáit sóidiam (sóid) a tháirgeadh. Níos déanaí, tháinig próiseas Solvay a bhí níos éifeachtaí.