Nicholas Carolan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1946 79/80 bliana d'aois Droichead Átha, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Ceol traidisiúnta na hÉireann |
| Ball de | |
Cartlannaí, ceol-eolaí agus béaloideasóir is ea Nicholas Carolan, a bhunaigh Taisce Cheol Dúchais Éireann.[1] Is ann atá an bailiúchán ilmheán is mó de cheol traidisiúnta na hÉireann, an cartlann cheoil traidisiúnta is mó dá leithéid ar domhan.
Is fearr aithne ar Carolan mar gheall ar an sraithchlár cartlainne atá ar RTÉ le fada, Come West along the Road agus Siar an Bóthar ar TG4, agus mar gheall ar a chuid léachtaí poiblí. Tá neart leabhar agus alt scolártha foilsithe aige faoi cheol traidisiúnta na hÉireann.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Carolan i nDroichead Átha, Co. Lú. Bhí a shinsear sáite sa cheol ina gceantair dhúchais, Contae Lú agus tuaisceart Chontae na Mí, Gráinseach Gaoithe. “Sheinneadh mo sheanathair agus cuid de m’uncailí ar an mileoidin. Damhsóir céime a bhí i m’athair féin a bhíodh ar an ardán mar dhamhsóir taispeántais. Amhránaí ab ea mo mháthair, a raibh gaol i bhfad amach aici le Mary Anne Carolan. “Níor cheoltóirí móra iad ach daoine a raibh an ceol mar chuid thábhachtach dá saol.”[2]
Bhain Carolan post amach mar leas-phríomhoide sna 1970idí i mBaile Átha Cliath. Bhí 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam.
Bhí Carolan ina Rúnaí ar an Folk Music Society of Ireland idir 1977 agus 1992, agus mhúin sé ceol traidisiúnta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath idir 1985–1998. Bhunaigh sé an TCDÉ i 1987 in éineacht le Harry Bradshaw, fear RTÉ. Tháinig an bheirt ar sheantaifeadtaí le linn dóibh bheith ag obair ar shraith raidió de chuid RTÉ. Chuir siad an smaoineamh an TCDÉ a bhunú faoi bhráid na Comhairle Ealaíon in 1987, ach ó Chomhairle Ealaíon an tuaiscirt a fuair siad tacaíocht ar dtús. [3] [2] Bhí Carolan ina Stiúrthóir ó 1987 go 2015, tréimhse 28 bliain.
Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Céim Dhochtúireachta sa Litríocht ar Carolan sa bhliain 2007.[4]
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A Collection of the Most Celebrated Irish Tunes (1986, 2nd edition 2010),
- A Short Discography of Irish Folk Music (1987),
- A Harvest Saved: Francis O’Neill and Irish Music in Chicago (1997),
- srl
Eagarthóir
- The Columbia Library of Folk and Primitive Music: Ireland (1998),
- The Songs of Elizabeth Cronin 1–2 (2000),
- Seoltaí Séidte/Setting Sail: Ceolta Éireann 1957–61 (2004),
- The Pigot Collection (2024)[5] srl
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ TCDÉ nó i mBéarla, Irish Traditional Music Archive (ITMA)
- 1 2 Robert McMillen (Eanair 2007). "Nicholas Carolan" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-06-25.
- ↑ "ITMA — About" (en-US). Dáta rochtana: 2025-06-25.
- ↑ "June 2007 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-06-25.
- ↑ "ITMA — The Pigot Collection – Irish Traditional Music from the John Edward Pigot Manuscripts" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-07-07. Dáta rochtana: 2025-06-26.