Neil Gorsuch (breitheamh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Neil Gorsuch (breitheamh)
Associate Justice Neil Gorsuch Official Portrait.jpg
Judge of the United States Court of Appeals for the Federal Circuit (en) Aistrigh

Lúnasa 8, 2006 -
Comhbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Aibreán 10, 2017 -
Antonin Scalia
Saol
Eolas breithe Denver, Lúnasa 29, 1967(54 bliain d’aois)
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaithe Boulder
Muintir
Máthair Anne Gorsuch Burford
Oideachas
Alma mater Ollscoil Harvard
University College, Oxford (en) Aistrigh
(unknown value - 2004) céim dochtúireachta
Georgetown Preparatory School (en) Aistrigh
(unknown value - 1985)
Scoil Dlí Harvard
(unknown value - 1991) dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht
Ollscoil Columbia
(unknown value - 1988) Baitsiléir Ealaíon
Leibhéal oideachais céim dochtúireachta
Tráchtas The right to receive assistance in suicide and euthanasia, with particular reference to the law of the United States
Stiúrthóir tráchtais John Finnis
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm dlíodóir agus United States federal judge (en) Aistrigh
Fostóirí University of Colorado Boulder (en) Aistrigh
United States Court of Appeals for the District of Columbia Circuit (en) Aistrigh  (1991 -  1992)
Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe  (1993 -  1994)
Saothar iomráiteach The Future of Assisted Suicide and Euthanasia (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Phi Beta Kappa Society (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Easpagóideach
Páirtithe polaitíochta Páirtí Poblachtach
IMDb nm8752767

Ball de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe is ea Neil Gorsuch (a rugadh ar 29 Lúnasa 1967).

agóid sa bhlian 2017

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2019

Céimí de chuid Ollscoil Columbia (BA 1998), Scoil Dlí Harvard (JD 1991 cum laude) agus Ollscoil Áth na nDamh (DPhil 2004, faoi mhaoirseacht John Finnis) is ea é. Tá a leabhar The Future of Assisted Suicide and Euthanasia (Princeton University Press, 2006) bunaithe ar a thráchtas dochtúireachta.[1]

agóid sa bhliain 2017

Bhí Gorsuch ina hcléireach don Bhreitheamh Byron White agus don Bhreitheamh Antaine Ó Cinnéide (1993-94).

Bhí Gorsuch ina aturnae sa dlí-ghnólacht Kellogg, Hansen, Todd, Figel & Frederick PLLC i Washington DC ó 1995 go 2005 (agus ina chomhpháirtí ann ó 1998), ag díriú ar abhcóideacht trialacha tráchtála.

Bhí sé ina Phríomh-Ionadaí don Ard-Aighne Comhlach i Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe ó 2005 go 2006 sular ainmníodh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Deichiú Cuaird é; is d'aon ghuth a deimhníodh é.[1]

Tar éis dó a bheith ar an liosta d'ainmnithe féideartha don Chúirt Uachtarach a d'fhógair Donald J Trump i mí Mheán Fómhair 2016, i mí Eanáir 2017 d'ainmnigh an tUachtarán Trump é chun an folúntas i ndiaidh bhás Antonin Scalia a líonadh. Bhí Gorsuch ar an ainmniúchán is óige sa gcúirt is airde i Meiriceá le os cionn 25 bliain.[2]

Trump, Neil Gorsuch agus a bhean

Dúirt Cumann Barra Mheiriceá go raibh sé cáilithe go maith, mhol Coiste Breithiúnachta an tSeanaid é (11-9 de réir línte páirtí) agus deimhníodh é 54-45 (tar éis do thriúr Daonlathaithe dul i gcomhar leis an Poblachtaigh). Agus é sin a dhéanamh acu, bhris na Poblachtaigh an nós gur féidir filibuster a dhéanamh maidir le hainmniúcháin bhreithiúnacha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Neil Gorsuch". Dáta rochtana: 2021.
  2. Nuacht RTÉ (2017-02-01). "An Breitheamh Gorsuch ainmnithe don Chúirt Uachtarach" (in ga).