Neil Gorsuch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neil Gorsuch
Associate Justice Neil Gorsuch Official Portrait.jpg
Breitheamh de Chúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Chuaird Chónaidhme

Lúnasa 8, 2006 -
Comhbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Aibreán 10, 2017 -
Antonin Scalia
Saol
Eolas breitheDenver, 29 Lúnasa 1967 (55 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaitheBoulder
Muintir
MáthairAnne Gorsuch Burford
Céile/CéilíLouise Gorsuch (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materOllscoil Harvard
Coláiste na hOllscoile, Oxford
(luach anaithnid - 2004) céim dochtúireachta
Georgetown Preparatory School (en) Aistrigh
(luach anaithnid - 1985)
Scoil Dlí Harvard
(luach anaithnid - 1991) dochtúireacht faoi dlí-eolaíocht
Ollscoil Columbia
(luach anaithnid - 1988) Baitsiléir Ealaíon
Leibhéal oideachaiscéim dochtúireachta
TráchtasThe right to receive assistance in suicide and euthanasia, with particular reference to the law of the United States
Stiúrthóir tráchtaisJohn Finnis
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmdlíodóir agus United States federal judge (en) Aistrigh
FostóiríOllscoil Colorado, Boulder
United States Court of Appeals for the District of Columbia Circuit (en) Aistrigh  (1991 -  1992)
Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe  (1993 -  1994)
Saothar iomráiteachThe Future of Assisted Suicide and Euthanasia
Duaiseanna
BallraíochtPhi Beta Kappa Society (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Easpagóideach
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Poblachtach
IMDbnm8752767

Ball de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe is ea Neil Gorsuch (a rugadh ar 29 Lúnasa 1967).

agóid sa bhliain 2017

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2019

Céimí de chuid Ollscoil Columbia (BA 1998), Scoil Dlí Harvard (JD 1991 cum laude) agus Ollscoil Áth na nDamh (DPhil 2004, faoi mhaoirseacht John Finnis) is ea é. Tá a leabhar The Future of Assisted Suicide and Euthanasia (Princeton University Press, 2006) bunaithe ar a thráchtas dochtúireachta.[1]

agóid sa bhliain 2017

Bhí Gorsuch ina hcléireach don Bhreitheamh Byron White agus don Bhreitheamh Antaine Ó Cinnéide (1993-94).

Bhí Gorsuch ina aturnae sa dlí-ghnólacht Kellogg, Hansen, Todd, Figel & Frederick PLLC i Washington DC ó 1995 go 2005 (agus ina chomhpháirtí ann ó 1998), ag díriú ar abhcóideacht trialacha tráchtála.

Bhí sé ina Phríomh-Ionadaí don Ard-Aighne Comhlach i Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe ó 2005 go 2006 sular ainmníodh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Deichiú Cuaird é; is d'aon ghuth a deimhníodh é.[1]

Tar éis dó a bheith ar an liosta d'ainmnithe féideartha don Chúirt Uachtarach a d'fhógair Donald J Trump i mí Mheán Fómhair 2016, i mí Eanáir 2017 d'ainmnigh an tUachtarán Trump é chun an folúntas i ndiaidh bhás Antonin Scalia a líonadh. Bhí Gorsuch ar an ainmniúchán is óige sa gcúirt is airde i Meiriceá le os cionn 25 bliain.[2]

Trump, Neil Gorsuch agus a bhean

Dúirt Cumann Barra Mheiriceá go raibh sé cáilithe go maith, mhol Coiste Breithiúnachta an tSeanaid é (11-9 de réir línte páirtí) agus deimhníodh é 54-45 (tar éis do thriúr Daonlathaithe dul i gcomhar leis an Poblachtaigh). Agus é sin a dhéanamh acu, bhris na Poblachtaigh an nós gur féidir filibuster a dhéanamh maidir le hainmniúcháin bhreithiúnacha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Neil Gorsuch". Dáta rochtana: 2021.
  2. Nuacht RTÉ (2017-02-01). "An Breitheamh Gorsuch ainmnithe don Chúirt Uachtarach" (as ga).