Nayib Bukele
Is pobalóir agus fear gnó Salvadórach é Nayib Armando Bukele Ortez (a rugadh ar an 24 Iúil 1981). D'éirigh sé ina uachtarán ar an tSalvadóir ar an 1 Meitheamh 2019. Ar an eite dheis ar fad, agus gan náire, tugann sé "deachtóir" air féin. [1]
Sa bhliain 1999 (agus in aois 18 dó), bhunaigh Bukele comhlacht fógraíochta ; d’oibrigh sé i gcomhlacht fógraíochta a bhí faoi úinéireacht a athar, Armando Bukele Kattán ag an am céanna. Rinne an dá chomhlacht fógraíocht d'fheachtais toghcháin ar son an pháirtí pholaitiúil Frente Farabundo Martí para la Liberación Nacional (FMLN).

Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Bukele sa pholaitíocht sa bhliain 2011. Sa bhliain 2012, chuaigh sé isteach san FMLN agus toghadh é mar mhéara Nuevo Cuscatlán. D’fhan Bukele i mbun a chúraim go dtí gur toghadh é mar mhéara Cathair San Salvador sa bhliain 2015, áit a raibh sé i mbun oifige go dtí 2018.
Sa bhliain 2017, díbríodh Bukele ón FMLN; bhunaigh sé páirtí polaitíochta 'Nuevas Ideas', go gairid ina dhiaidh sin agus chuaigh sé i mbun feachtais uachtaránachta sa bhliain 2019. Tar éis don Tribunal Supremo Electoral, TSE diúltú a páirtí a chlárú, sheas Bukele i dtoghchán na huachtaránachta leis an Gran Alianza por la Unidad Nacional (GANA) agus bhuaigh sé le 53 faoin gcéad den vóta.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mat Youkee (2021-09-26). "Nayib Bukele calls himself the ‘world’s coolest dictator’ – but is he joking?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-04-26.
| Is síol beathaisnéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |