Navi Pillay
Is breitheamh as an Afraic Theas í Navanethem 'Navi' Pillay (a rugadh ar an 23 Meán Fómhair 1941 in Durban). Bhí baint mhór aici leis an dlí a chur ar dhaoine faoi choireanna cogaidh, faoi choireanna in aghaidh na daonnachta agus faoi chinedhíothú. Bronnadh Duais Nobel na Síochána 2026 uirthi as ucht a cuid iarrachtaí an tsíocháin agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn.[1]
Chaith Pillay sealanna mar bhreitheamh san Ard-Chúirt san Afraic Theas, sa Bhinse Coiriúil Idirnáisiúnta um Ruanda agus sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.[1]



Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Pillay in Durban, i gcúige Natal. De bhunadh Indiach, bhí a hathair ina thiománaí bus: Bhain sí céim BA amach in Ollscoil Natal in 1963 agus céim LLB in 1965.[2]
Gairm dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1967 ba í an chéad bhean a d'oscail a cleachtas dlí féin i Natal, agus thug sí cúnamh dlí do ghníomhaithe a bhí ag cur in aghaidh na cinedheighilte.[2][3] In 1973 bhuaigh sí cás a dheimhnigh go raibh cearta ag na príosúnaigh pholaitiúla ar Oileán Robben, Nelson Mandela ina measc.[3]
Bhain sí céim LLM amach in Ollscoil Harvard in 1982 agus dochtúireacht sa dlí in 1988.[2] In 1992 bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Equality Now, eagraíocht idirnáisiúnta um chearta na mban.[3] In 1995, nuair a tháinig deireadh leis an gcinedheighilt, ceapadh ina breitheamh gníomhach san Ard-Chúirt í.[2]
Gairm idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Pillay ina breitheamh sa Bhinse Coiriúil Idirnáisiúnta um Ruanda in 1995, agus ba í an t-aon bhean a bhí ina breitheamh ann sna ceithre bliana tosaigh. Bhí sí ina huachtarán ar an mBinse idir 1999 agus 2003. Bhí ról lárnach aici i dtriail Jean-Paul Akayesu, a dheimhnigh go bhféadfadh éigniú agus ionsaí gnéasach a bheith ina ngníomhartha cinedhíothaithe.[2]
Toghadh í ar an gcéad phainéal breithiúna den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta in 2003, agus d'fhan sí ann go dtí 2008.[2]
Ba í Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna í idir 2008 agus 2014.[1]
Bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoimisiún Fiosrúcháin Idirnáisiúnta Neamhspleách maidir leis an gCríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil go dtí 2025.[1]
Dúirt sí in 2025 go raibh “cinedhíothú ar siúl in Gaza ... Is iad na húdaráis is sinsearaí in Iosrael atá freagrach ar na coireanna uafásacha seo mar is iadsan a bheartaigh feachtas cinedhíothach le beagnach dhá bhliain agus aidhm ar leith acu grúpa Palaistíneach a scrios in Gaza.”[4]
Ó 2019 i leith tá Pillay ina breitheamh ad hoc sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta sa chás a thug an Ghaimbia in aghaidh Mhaenmar faoi chinedhíothú.[1][5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 Nuacht RTÉ (2026-10-09). "Navanethem 'Navi' Pillay buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána" (as ga-IE).
- 1 2 3 4 5 6 South African History Online. "Navanethem (Navi) Pillay" (en). Dáta rochtana: 2026-10-10.
- 1 2 3 Nelson Mandela University. "Navi Pillay (2010)" (en). Dáta rochtana: 2026-10-10.
- ↑ tuairisc.ie (2025-09-16). "Cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh in Gaza – coimisiún fiosrúcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-10-09.
- ↑ International Court of Justice. "Application of the Convention on the Prevention and Punishment of the Crime of Genocide (The Gambia v. Myanmar)" (en). Dáta rochtana: 2026-10-10.