Maolmhaodhóg Ó Morgair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh Maelmhaedhoc Ó Morgair
Infotaula de personaMaolmhaodhóg Ó Morgair

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1094
Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 2 Samhain 1148
53/54 bliana d'aois
Mainistir Clairvaux, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Roman Catholic Bishop of Armagh (en) Aistrigh
1134 – 1137
← Cellach Mac AodhGelasius Ruaidri (en) Aistrigh →
Roman Catholic Bishop of Down (en) Aistrigh
1124 – – Ralph de Kilmessan (en) Aistrigh →
Roman Catholic Bishop of Connor (en) Aistrigh
1124 – 1137 – Adam (en) Aistrigh →
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmsagart Caitliceach, údar, easpag Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois
Ord crábhaidhBeinidictigh
Ardú
Lá féile3 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata

Ard-Easpag Ard Mhacha ab ea Naomh Maolmhaodhóg Ó Morgair[1] (10942 Samhain 1148). Is in aice le hArd Mhacha a rugadh é sa bhliain 1094. Fuair sé bás i Clairvaux, an Fhrainc.

Ba leasaitheoir díograiseach é mar ab agus mar easpag.[2] Ba eisean a thug na Canónaigh Rialta isteach in Éirinn.

Ba é an chéad Éireannach a bhí canóinithe ag Pápa (sa bhliain 1099). Scríobh an t-ab Cistéirseach Naomh Bernard de Clairvaux a bheatha.

Ville-sous-la-Ferté in aice le Clairvaux.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Bernard, shíolraigh Maolmhaodhóg ón uasaicme, ach níl eolas níos cruinne ná sin ar a mhuintir. Fuair sé oideachas manachiúl agus oirníodh ina shagart é ag Ceallach Naofa, Easpag Ard Mhacha, sa bhliain 1119. Thogh Ceallach, easpag Ard Mhacha agus leasaitheoir, é mar bhiocáire agus níos déanaí ina ab ar mhainistir Ard Mhacha.

Sa bhliain 1120, rinne Maolmhaodhóg sain-staidéar ar dhiagacht agus liotúirge i Mainistir Lios Mhóir i bPort Láirge faoi Mhalchus Naofa.

Klosterkirche Metten, Niederbayern (1724)
Clairvaux

Sa bhliain 1123, toghadh Maolmhaodhóg ina ab ar Bheannchar agus an bhliain ina dhiaidh sin ina easpag ar Dhún.

Tar éis bhás Cheallach sa bhliain 1129, toghadh Maolmhaodhóg ina easpag ar Ard Mhacha, ach ní raibh sé in ann dul ann toisc go raibh muintir Cheallach, Clann Siniaich, i gcumhacht ar an deoise. Bhí suíomh Chomharba Phádraig (mar a chuirtear ar Easpag Ard Mhacha ag an am) i lámha Chlainn Shiniaigh ar feadh níos mó ná dhá chead bhliain agus ní raibh sé éasca iad a bhriseadh as.

Ghlac Maolmhaodhóg Ard Mhacha sa bhliain 1132 agus chuaigh sé i mbun atheagar a chuir ar chúrsaí eaglasta.

Easpag agus leagáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1137, d'éirigh Maolmhaodhóg as mar Easpag Ard Mhacha, ach bhí fós mar Easpag an Dhúin. Thóg sé na Canóinigh Agaistíneacha isteach ina dheoise agus rinne sé cuairt ar an Róimh i 1137. Stop sé i gClairvaux ar bhealach agus d'éirigh cairdeas idir é agus Bernard.

Kloster Eberbach Malachias (1666)

Chinn sé air féin na Cistéirsigh a thabhairt go Éireann. D'iarr sé ar an Pápa Innocentius II é a scaoileadh mar easpag chun é a ligint filleadh ar Chlairvaux mar mhanach. Níor thug an Pápa an cead sin agus cheap sé Maolmhaodhóg mar leagáid aige in Éirinn. Thóg sé cúigear manach ó Chlairvaux ar ais leis, leis An Mainistir Mór a chur ar bhun i gContae Lú sa bhliain 1142.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Maolmhaodhóg ar an dara aistear aige chun na Róimhe sa bhliain 1148. Ag filleadh ón Róimh dó sa bhliain 1148, thug Maolmhaodhóg athchuairt ar Clairvaux, áit inar bhuail taom fiabhrais é agus d’éag sé i mbarróg Naomh Bearnard i gClairvaux ar an 1 /2 Samhain.

Cuirtear Bernard in éineacht leis nuair a fuair sé féin bás cúpla bliain dár gcionn. Tá an bheirt acu curtha in aon uaigh i Clairvaux. Deirtear nach féidir na cnámha acu a scaireadh óna gcéile.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chanóinigh an Pápa Innocentius III Maolmhaodhóg ar 6 Iúil 1199. Ba é an chéad Éireannach a bhí canóinithe ag Pápa.

Cuireadh inár leith go raibh Maolmhaodhóg freagracht as faidheacht, ach ní raibh fianaise ann go dtí dá chéad bhliain tar éis bás dó... is cosúil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Maelmhaedhoc,Máel Máedóc Ua Morgair
  2. cumannnasagart.ie. "Naomh Maolmhaodhóg, easpag". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-13. Dáta rochtana: 2018.