Jump to content

Naomh Conainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Conainne
Gníomhaíocht
Gairmsoiscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Ceiliúradhan Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus Ceartchreidmheachas
Lá féile8 Márta Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Duine muintearthaSenán of Laraghbryan (en) Aistrigh (leathdheartháir) Cuir in eagar ar Wikidata

Misinéir in Éirinn ba ea Conainne, bean a dtugtar Dachonna uirthi chomh maith (fl. 500). Rinne sí eolas ar an gCríostaíocht a scaipeadh i seanlimistéar na Soghan i gContae na Gaillimhe. Bhunaigh sí eaglais i gCill Conainne, áit a dtugtar Cill Chonaill uirthi anois. Is dócha gur tugadh an t-ainm sin uirthi trí dhearmad i ndiaidh an 16ú haois.

Ba leasdeirfiúr le Naomh Seanán í. Deir Féilire Aonghusa gur den Uí Maine í agus go gcomórtar a féile ar an 8 Márta:

Nó Conainne .i. ó Chill Conainne in Uí Maine Connacht .i. i Soghan agus iníon mháthar do Sheanán Inse Cathaigh.[1]

Bhí aithne ag Conainne ar Naomh Athracht. Bhí fonn uirthi siúd clochar a bhunú ag Droim i gContae Ros Comáin, mar a raibh eaglais ag a deartháir Conal. D’iarr Athracht ar Chonal ligean di clochar a thógáil láimh lena eaglais, ach d’iarr seisean ar Chonainne áitiú ar Athracht áit eile a roghnú. Rinne Athracht gar dá dheartháir ach bhí sí míshásta agus dúirt sí go ndéanfaí fásach d’eaglais Chonail agus d’eaglais Chonainne.[2]

As Dachonna a ainmníodh barúntacht Thigh Dachoinne i gContae na Gaillimhe.[3]

  1. Nó Conainne .i. o Chill Conainne i n-Uibh Maine Connacht .i. i Sogan agus ingen máthar do Shenán Insi Cathaig. Oengus the Culdee, Félire Óengusso Céli de, Harrison and Sons, 1905
  2. O’Hanlon, John. Lives of the Irish Saints: With Special Festivals and the Commemorations of Holy Persons, Vol. VIII. New York: The Catholic Publishing Society, 1875, lgh 150-167: https://archive.org/details/livesofirishsain08ohanuoft
  3. "Barony of Tiaquin', Skehana and District Heritage