Jump to content

Naomh Ciara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Ciara
Beathaisnéis
Bás679
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Ardú

Ban-ab de chuid an seachtú haois ba ea Ciara (nó Cré). Fuair sí bás in 679. Tá a scéal cumaiscthe le scéal Ciara (nó Cré) eile a bhí beo sa 6ú haois, ach deir údair éigin go ndeachaigh na scríobhaithe ar seachrán agus iad ag déanamh dhá dhuine de dhuine amháin.[1][2]

Tá dhá scéal ann a bhaineann le Naomh Ciara.

Nuair a thosaigh tine bhréan i Múscraí, dúirt Naomh Breandán leis na daoine iarraidh ar Chiara guí ar a son, agus rinne siad gar dó. Ghuigh Ciara ar a son agus múchadh an tine.[1][3] Ós rud é gur cailleadh Naomh Breandán in 577, is dócha gur Ciara ó aimsir níos luaithe a luaitear anseo.

Deir an scéal eile gur bhunaigh Ciara clochar darbh ainm Teach Telle timpeall 625. D’iarr Ciara féin agus cúigear bean eile áit a mbeidís faoi réir Dé ar Naomh Fiontán Theach Munna, agus thug sé féin agus a mhanaigh a mainistir féin dóibh (áit a bhí i gContae na hIarmhí, b’fhéidir). Bheannaigh Fiontán Ciara agus dúirt léi an áit a ainmniú as Naomh Telle (Teille), bean a rug ceathrar clainne an lá céanna ar mhachaire Mhiodhluachra.[2][4][5]

Le himeacht aimsire d’fhill Ciara ar a cúige féin agus bhunaigh clochar eile, Cill Chré, áit a raibh sí i gceannas uirthi go lá a báis in 679.[3] Tá Mainistir Chill Chré le fáil timpeall ciliméadar siar ó chlochar Chiara agus maíonn sí gur le hómós do Chiara a ainmníodh í.[6]

Comórtar Ciara ar an 15 Márta, lá a báis; comórtar í ar an 16 Deireadh Fómhair chomh maith.[7]

  1. 1 2 Dunbar, Agnes Baillie Cunninghame: A Dictionary of Saintly Women, Volume 1, lch 171. George Bell & Sons, 1904.
  2. 1 2 Lanigan, John: An Ecclesiastical History of Ireland, from the First Introduction of Christianity Among the Irish, to the beginning of the Thirteenth Century, Vol. III., 2nd Edition, lgh 129-131. Simpkin and Marshall, London, 1829.
  3. 1 2 Smith, William Anasi and Harry Wace: A Dictionary of Christian Biography, Literature, Lynne Cherry, lch 543. Little, Brown and Company, Boston, 1877.
  4. O'Hanlon, John: Lives of the Irish Saints, Volume VI, lch 801. James Duffy and Sons, Dublin, 1873.
  5. Baring-Gould, Sabine: The lives of the saints, Vol. 12 lch 558. John Hodges, London, 1877.
  6. "Kilcrea Friary". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-10.
  7. Walsh, Thomas. History of the Irish Hierarchy: With the Monasteries of Each County, Biographical Notices of the Irish Saints, Prelates, and Religious, D. & J. Sadlier & Company, 1854, lch 391