Naomh Blaise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Blaise

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(el) Βλάσιος
Beathaisnéis
Breith3 haois
Sivas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás316

Sivas Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Dícheannadh)
Ard-easpag Caitliceach
300 –
Easpag
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Teanga dhúchaisan Ghréigis
Gníomhaíocht
Gairmsagart, dochtúir leighis, ancaire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
Ardú
Lá féile3 Feabhra
Blasiusmass (en) Aistrigh
3 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Naomh Blaise

B'easpag agus mairtíreach é naomh Blaise nó naomh Bláisias (Airméinis: Սուրբ Բարսեղ). Is é Naomh Blaise duine den Cheathrar Cabhraitheoir Naofa Déag. Ceiliúrtar Lá Fhéile Blaise ar 3 Feabhra san Eaglais Chaitliceach.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Easpag agus mairtíreach a mhair i Sebaste san Airméin sa 4ú haois ba ea Naomh Bláisias[1]. I s cosúil go raibh sé ina dhochtúir leighis ar dtús.

Blaise sa Rúis: 15ú haois

Scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug bean, a mac chuig Blaise agus cnámh á thachtadh ina scornach agus chneasaigh sé an páiste[2].

Le linn géarleanúna, chuaigh Blaise i bhfolach i bpluais agus a fhad is a raibh sé ansin leigheas sé ainmhithe a bhí tinn nó gointe

Nuair a bhí príosúnacht á chur air, tháinig bean chuige a dúirt gur rug mac tíre a muc leis. Trí idirghuí Naomh Blaise, tugadh an mhuc ar ais chuig an mbean.

Taisí, Dubrovnik

Míorúiltí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh éarlamh ar bhaile Spáinneach in aice le Valencia de Naomh Blaise, nuair a mheas an pobal gur shábháil sé ón ngalar diftéire iad.

Sa bhliain 971, nuair a bhí fogha á bhagairt faoin áit ina bhfuil Dubrovnik na linne seo, deirtear gur nocht Naomh Blaise é féin do mhuintir na cathrach agus gur shábháil sé iad. Inniu, tá ardeaglais ann in Dubrovnik ina bhfuil na taisí a bhaineann le Naomh Blaise ar taispeáint: ceann Naomh Blaise, a lámh chlé is a lámh dheas, a scornach is a chos dheas.

I mbaile beag Aubin na Fraince, rinneadh éarlamh ar an séipéal áitiúil de Naomh Blaise, toisc gur mheasadh gur eisean a chuir deireadh le heipidéim a bhí ag bánú na n-eallaí.

Dubrovnik

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éarlamh na gceoltóirí, na gaothuirlisí & na mbuíonta ceoil é.

Meastar gur chosantóir ar chathracha é Naomh Blaise, cosantóir na n-ainmhithe allta, éarlamh na veigeatóirí, agus éarlamh na dtionscal olla.

Meastar go bhfuil gaol ag Naomh Blaise leis an tionscal olla.. D’ainmníodh St. Blazey, sráidbhaile i gCorn na Breataine ina onóir. Tuigtear gur chuir Blaise oiliúint sna scileanna olla ar dhaoine sna ceantair seo.

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • In Éirinn, beannú na scornach ar an 3 Feabhra, . Cuirtear beannacht Naomh Blaise ar uisce agus ar eallaí chomh maith.
  • Sa Ghearmáin, déantar aráin mhilse/panelleta a ofráil & roinntear ar an teaghlach, ar chairde, agus ar pheataí iad
  • Sa Fhrainc, cuirtear beannacht ar shíolta arbhair. Iompraíonn na mná ciseáin síolta lena mbeannú sa séipéal. Fágtar leath den arbhar mar ofráil, agus measctar leis na gnáthshíolta an leath eile sula gcuirtear i dtalamh iad.
  • Wappen, An Eilvéis
    San Iodáil is sa Fhrainc, lastar tinte cnámh ar Lá Fhéile Blaise Naofa.
  • San Iodáil, déantar borróga beaga a bhácáil ar an 1 Feabhra. Beannaítear iad agus roinntear ar an 3 Feabhra iad ar an bpobal i ndúiche na dtionscal olla. I Serra San Bruno, bronnann na fir brioscaí darb ainm abbacolo (cosúil le bachall easpaig) ar na cailíní. Má bhriseann an cailín an briosca ina dhá chuid agus má thugann sí leath de ar ais don fhear, tuigtear go bpósfar an bheirt.
  • Sa Spáinn, tarlaíonn Lá Fhéile Blaise Naofa i rith fhéile an earraigh. Déantar aráin mhilse (panelleta) a ofráil do Naomh Blaise, agus roinntear ar an teaghlach, ar chairde, agus ar pheataí iad.
Beannachtaí Naomh Blaise, Porto Alegre, Reio Grande do Sul, Brazil.

Paidir: Beannú na Scornach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trí idirghuí Naomh Bláisias,

Easpag agus Mairtíreach,

go gcosnaí Dia tú ó gach éalang scornaí

agus ó gach tinneas eile,

trí Chríost ár dTiarna

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]