Naomh Athracht
Is í Naomh Athracht (Laidin: Attracta) pátrún pharóiste Loch Uí Ghadhra agus Thuar Loistreáin i gContae Shligigh. Comórtar a féile ar an 11 Lúnasa.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur rugadh í in 420 A.D i gContae Shligigh, agus is dócha gur de shliocht uasal í. Deirtear gur shocraigh sí ar í féin a thabhairt do Dhia ach gur chuir a tuismitheoirí ina coinne. D’éalaigh sí go deisceart Chonnacht agus fonn uirthi clochar a bhunú ag Droim i gContae Ros Comáin, mar a raibh eaglais curtha ar bun ag a deartháir Conal agus ar tugadh Droim Chonail air ina dhiaidh sin. D’iarr Athracht ar Chonal ligean di clochar a thógáil láimh lena eaglais, ach d’iarr sé ar bhean eile, Naomh Conainne, áitiú ar Athracht áit eile a roghnú. Rinne sí gar do Chonal ach bhí sí míshásta agus chuir sí mallacht ar a eaglais.[1]
D’aistrigh sí ansin go Cúil Ó bhFinn i gContae Shligigh. Deirtear gur ann a ghlac sí a móideanna mar bhean rialta i bhfianaise Naomh Pádraig. D’aistrigh sí ansin go Loch Uí Ghadhra, áit ar bhunaigh sí brú do thaistealaithe i gCill Athracht a mhair anuas go dtí 1539.[2] Bhí clú na féile uirthi riamh.[3]
Creideadh gur tháinig cros (Cros Athracht) anuas ó neamh nuair a ghlac Athracht a móideanna. Chaomhnaigh muintir Mhacháin í le blianta fada, agus tugadh ómós di in áiteanna éagsúla lá fhéile Athracht.[4]
Ghabh Athracht trí Achadh Conaire i gContae Shligigh agus lig a scíth ina lán áiteanna. Tá toibreacha naofa sna háiteanna sin: ceann sa Chlochar ag Mainistir Réadáin, ceann i gCill Fraoigh lasmuigh de Ghoirtín agus ceann i dTuar Loistreáin. Tugtar Tobar Athracht ar an gceann i Mainistir Réadáin, agus creideadh go raibh leigheas faithní agus raicítis le fáil ann.[5][6]
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a lán scéalta á n-insint i dtaobh mhíorúiltí Athracht. Seo ceann acu.
- Bhí an Rí Ceann Faolaidh chun caisleán mór a thógáil i gCúige Connacht agus d’ordaigh sé go gcuideodh gach duine sa ríocht, idir chléir agus thuata, leis an obair. Dúirt Athracht leis nár chóir go mbeadh uirthi féin a leithéid a dhéanamh ach go mbeadh sí sásta nithe luachmhara a fháil dó ó thíortha iasachta trí mhíorúiltí a imirt. D’ob an rí di, agus chuaigh Athracht go coill lena ghiollaí chun adhmad a fháil i gcomhair an chaisleáin. Ach dúirt duine de na giollaí léi nach raibh na capaill in ann ag an obair agus go mb’fhearr fianna na coille a chur faoin ualach, rud a rinne sí. Nuair a chonaic an rí Athracht arís tháinig fearg air agus shaighid sé madraí an bhaile sna fianna. Ach ghuigh Athracht ar Dhia go gcuirfí capaill an bhaile le buile agus go satlóidís ar na madraí. D’fhill na fianna ar an gcoill agus rinneadh clocha de na madraí.[1]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 O’Hanlon, John. Lives of the Irish Saints: With Special Festivals and the Commemorations of Holy Persons, Vol. VIII. New York: The Catholic Publishing Society, 1875, lgh 150-167: https://archive.org/details/livesofirishsain08ohanuoft
- ↑ Attwater, Donald and Catherine Rachel John. The Penguin Dictionary of Saints. 3rd edition. New York: Penguin Books, 1993. ISBN 0-14-051312-4.
- ↑ Hutchison-Hall, John (Ellsworth). Orthodox Saints of the British Isles, Volume III, St. Eadfrith Press, 2014 ISBN 9780692257661, p. 109
- ↑ https://www.duchas.ie/en/cbes/4798683/4789768/4922630: Bailiúchán na Scol: “St. Attracta”. Scoil na Croise, Contae Ros Comáin. Múinteoir: Mártan Ó Colmáin.
- ↑ https://www.duchas.ie/en/cbes/4701769/4701295/4727127: Bailiúchán na Scol: “St. Attracta”. Scoil Chluain Lua, Contae Shligigh. Múinteoir: Ml. Mac Lochlainn
- ↑ https://www.saintforaminute.com/saints/saint_attracta_of_killaraght. Dáta rochtana: 14/02/2025.