Jump to content

FLAC

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFLAC
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinflac.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Na Ceithre Cúirteanna, BÁC

Bunaíodh na hIonaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce, nó FLAC[1] i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1969. Cuireann abhcóidí agus aturnaetha - ag obair go deonach - seirbhís chomhairle dlí ar fáil saor in aisce.[2]

Is iad príomhfheidhmeanna FLAC:

  • Comhairle agus eolas bunúsach a sholáthar do dhaoine a bhfuil ceisteanna faoin dlí acu
  • Teacht ar cheartas a chur chun cinn trí fheachtais abhcóideachta
  • Taighde a dhéanamh i limistéir a dtugtar tús áite dóibh den dlí ar mhaithe le leas an phobail

Ní chuireann FLAC seirbhís ionadaíochta ar fáil agus ní féidir leis cabhrú leat teacht ar ionadaíocht dhlíthiúil. Cuireann an Dlí-Chumann eolas ar fáil faoi conas aturnae a aimsiú.[3]

Is eagraíocht neamhspleách dheonach í, agus eagraíocht fíor-bheag nach bhfuil dóthain acmhainní aici. Dúnadh na "hionaid buail isteach" cúpla bliain ó shin agus caithfear glaoch a chur ar FLAC anois. In 2024, fuair FLAC níos mó glaochanna ná riamh (breis is 3,000 ... bhain 539 le foréigean sa mbaile agus cuid mhór eile le cearta fostaíochta). Dá bharr a deir siad ní raibh sé ar a gcumas ach 20% de na glaochanna a fhreagairt. In 2024 chuir dlíodóirí FLAC comhairle dlí ar breis is 3,700 duine. Léiríonn an t-éileamh ar sheirbhísí na heagraíochta go bhfuil géarchéim ann don tromlach daoine a lorgaíonn ach nach bhfaigheann an cúnamh a bhíonn uathu (níl An Bord um Chúnamh Dlíthiúil[4] in ann cuidiú a thabhairt go minic ach an oiread).[5]

"An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí". Bunaíodh Ionad Comhairle Dlí sa bhliain 2004 i gConradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC agus in Áras na nGael, Sráid Dominic, Gaillimh, agus níos déanaí, i gCorcaigh. D'eascair roinnt cúiseanna suntasacha as obair an Ionaid, mar shampla Ó Gribín v. An Chomhairle Mhúinteoireachta [2008] 3 I.R. 266.[6][7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Free Legal Advice Centres
  2. Nuacht RTÉ (2025-06-30). "Gan FLAC in ann ag an éileamh ar chuidiú dlí in aisce" (as ga-IE). 
  3. Citizensinformation.ie. "Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-06-30.
  4. 4.0 4.1 .legalaidboard.ie/. "Legal Aid Board" (en). www.legalaidboard.ie. Dáta rochtana: 2025-06-30.[nasc briste go buan]
  5. Citizensinformation.ie. "Cabhair Dhlíthiúil agus Comhairle" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-06-30.
  6. "Éamonn Ó Gríbín v an Chomhairle Mhúinteoireachta and Others".
  7. Seán Ó Conaill (203). "the case could be seen to be taking certain steps backwards from the position established in Ó Beoláin" ... "the Court went on to hold that the applicant had no right to a translation of the official document which concerned the establishment of the Teaching Council": "The Irish Language and The Irish Legal System:- 1922 to Present". Dáta rochtana: 2025.
  8. "Eolas dlí: Uachtanna agus díthiomnacht" (en). FLAC - Promoting access to justice (2016-11-14). Dáta rochtana: 2025-06-30.