Jump to content

Na hInnse Gall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa hInnse Gall
Íomhá
CineálOileánra Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilna hOileáin Bhriotanacha Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinAlbain, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga Cuir in eagar ar Wikidata Map
 58° N, 7° O / 58°N,7°W / 58; -7
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,009 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSgùrr Alasdair Cuir in eagar ar Wikidata  (993 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar7,200 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar Na hInnse Gall (Gaeilge na hAlban Na h-Innse Gall) ar dhá shraith d'oileáin amach ó chósta thiar na hAlban. San iarthuaidh tá Na hOileáin Siar (Gaeilge na hAlban: Na h-Eileanan Siar) agus níos faide ó dheas tá Na hOileáin Istigh (Gaeilge na hAlban: Na h-Eileanan a-staigh)

Tá stair fhada maireachtála ag gabháil leis na hoileáin seo (ar a laghad ón ré mheiseoilíteach), mar sin de tá cuid mhór tionchair ó chultúir Ioruacha, Cheilteacha is Shasanacha tagtha isteach le rith na haimsire. Feictear an iliomad fhoinsí tionchair anseo in ainmneacha éagsúla na n-oileán, a thagann ó na teangacha éagsúla a ghabh leis na Tuatha difriúla a mhair ansiúd leis na blianta anuas.

Is iad Inse Ghall an áit ar cumadh roinnt mhaith de litríocht Ghaeilge na hAlban i dtús báire, is roinnt mhaith de cheol Gaelach na hAlban chomh maith. Sa lá atá inniu ann brathann an eacnamaíocht áitiúil ar an chroifteáracht, an iascaireacht, an turasóireacht, tionscal an ola is earnáil an fhuinnimh in-athnuaite. Tá níos lú éagsúlachta bitheolaíche in Inse Ghall i gcomparáid le mórthír na hAlban, ach tá líon mór rón is éan farraige ann ach oiread.

Cuimsíonn na hoileáin timpeall ar 7,200 ciliméadar chearnógacha (2,800 míle ch'nógacha), agus sa bhliain 2011, bhí daonra iomláin 45,000 duine ina gcónaí in Inse Ghall

Na hOileáin Siar (Na h-Eileanan Siar)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hOileáin Istigh (Na h-Eileanan a-staigh)

[cuir in eagar | athraigh foinse]