Na Gaeil Óga, CLG

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Gaeil Óga CLG
Béarla: Na Gaeil Óga
Bunaithe: 2010
Contae: Baile Átha Cliath
Roinn: Ranna 7 & 10 Ó Dheas Contae i bpeil na bhfear. Roinn 5 san iomáint agus sa chamógaíocht. Roinn 7 Peil na mban.
Peil: Sóisear A
Iomáint: N/A
Dathanna: Dúghorm agus Spéirghorm
Páirc: Páirc an Fhionnuisce
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is cumann lán-Ghaeilge Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath é Na Gaeil Óga, CLG a bunaíodh sa bhliain 2010.[1][2]

Imríonn Na Gaeil Óga a gcuid cluichí baile i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Naomh Caitríona i Leamhcán. Ón mbliain 2014 tá struchtúr faoi aois acu i Leamhcán i nGaelscoil Naomh Pádraig. Glacann an cumann páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta agus in Iomain Cholmcille.

Bunú an chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Ciarán Mac Fheargusa ag cur suime i gcumann CLG lán-Ghaeilge sa bhliain 2010. Scaip sé ceistneoir ina thaobh agus fuair an-chuid freagraí dearfacha. Tháinig sé féin agus grúpaí éagsúla le chéile, mic léinn as COBÁC - Cathal Mac Dhaibhéid, Eoin P. Ó Murchú, agus Cormac Breathnach chomh maith le Ciarán Ó Feinneadha, fear a raibh lámh aige i gclub lán-Ghaeilge a bhíodh lonnaithe i mBÁC cheana ach ar tháinig deireadh leis Clann Choláiste Mhuire. D'fhreastail scata beag acu ar an gcéad chruinniú áit a raibh Daithí De Buitléir, fear a bhí ina chéad chathaoirleach ar an gclub.

Tosaíodh ar thraenáil theoranta le buíon bheag i bPáirc an Fhionnuisce ag deireadh na bliana 2010. Smaoiníodh ar ainmneacha éagsúla Na Gaeil Óga, Clann Baoiscne (a bhí mar ainm sealadach ar feadh scaithimh) agus Gaeil Dhuibhlinne.

D'éirigh leis an gcumann aitheantas a bhaint amach go luath sa bhliain 2011 agus thosaigh siad ar thraenáil a chur ar siúl in Ionad Fóillíochta Bhaile Formaid. Dhear Cathal Mac Dhaibhéid na geansaithe agus an suaitheantas, ghlac Ciarán Ó Feinneadha ról mar bhainisteoir agus Ciarán Mac Fheargusa mar urlabhraí. Tháinig Marcus Ó Léanacháin mar thraenálaí. D'éirigh leis an gcumann breis is 60 fear a chlárú. Chuir an cumann isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2011 agus d'éirigh lena n-iarratas. Thosaigh an Cumann ag imirt i sraith a deich sóisear (as 11 sraith) i mBÁC. Is i gcoinne Chroí Ró Naofa a chéadbhuaigh siad cluiche. Is in aice Dhún na hArmlainne a bhíodh an fhoireann peile ag traenáil ón tús.

Is as Baile Átha Cliath go leor de bhaill an chumainn agus bíonn baill as gach cearn den tír chomh maith, na Gaeltachtaí ar fad ina measc. Bhí imreoirí le Gaeilge as Sasana, Meiriceá agus as an mBrasaíl ag imirt leo ag tréimhsí éagsúla sna chéad chúpla bliain dóibh a bheith ar a bhfód, agus ó shin freisin.

Bunaíodh an fhoireann camógaíochta do mná fásta sa bhliain 2015. Bunaíodh an dara foireann iomána d'fhir fásta sa bhliain 2019. Tháinig an tríú foireann iomána d'fhir fhásta ar an bhfód sa bhliain 2022.

Struchtúr faoi aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh struchtúr faoi aois do chailíní agus bhuachaillí sa cluichí Gaelacha ar fad i Meán Fómhair na bliana 2014. Bíonn sé ar siúl i nGaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán. Is ó na scoileanna Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life a thagann an chuid is mó de bhaill na bhfoirne faoi aois.

Foirne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá fhoireann peile fear a imríonn i sraith 10 Bhaile Átha Cliath agus i Sraith 5 chomh maith le foireann peile na mban. Tá trí fhoireann iomána agus foireann amháin camógaíochta acu leis. Tá foirne faoi aois acu go haois faoi 13 bliana sna cóid éagsúla.

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2011 - Sa chéad bhliain dóibh bheith ar an bhfód, tháinig Na Gaeil sa dara háit ón mbun i sraith a 10 theas de Léig Peile na nDaoine Fásta, agus cuireadh amach as an gcraobhchomórtas ag staid na leathchraoibhe den Chraobhchomórtas Peile Sóisear E.
  • 2012 - Sa dara bliain bhuaigh foireann A na bhfear Sraith a 10 Theas Contae sa pheil. Bhuaigh an fhoireann Corn Uí Bhroin sa bhliain chéanna chomh maith.[3] Bunaíodh foireann peile na mban. Tháinig an fhoireann B ag bun a léige.
  • 2013 - Fuair foireann A na bhfear agus foireann na mban ardú céime chuig sraith a hocht araon.
  • 2014 - Fuair foireann A na bhfear ardú céime.
  • 2015 - Fuair foireann A na bhfear ísliú céime.
  • 2016 - Fuair foireann A na bhfear ardú céime. Bhain an fhoireann chamógaíochta cluiche ceannais an craoibhe amach. Fuair foireann iomána na bhfear ardú céime sa chraobhchomórtas go Craobhchomórtas E.
  • 2017 - Bhuaigh foireann A na bhfear Sraith 7 agus bhain ardú céime amach go Sraith 6. Bhuaigh foireann iomána na bhfear Sraith 8 agus bhain ardú céime amach go Sraith 7. Fuair foireann iomána na bhfear ardú céime sa chraobhchomórtas go Craobhchomórtas D as cluiche ceannais E a bhaint amach.
  • 2018 - Bhuaigh an fhoireann camógaíochta Roinn 8. Bhuaigh foireann A na bhfear Sraith 6 (15/15 chluiche buaite acu) agus bhain ardú céime amach go Sraith 5. Bhain an fhoireann iomána ardú céime sa chraobhchomórtas go Craobhchomórtas C as cluiche ceannais D a bhaint amach.
  • 2019 - Bhuaigh an fhoireann camógaíochta an chéad chraobh i stair an chumainn. Bunaíodh an dara foireann fásta iomána. Bhain foireann peile na mban cluiche ceannais na craoibhe amach - Sóisear F - tánaistí in éadan Na Cloightí Lusca - an chéad uair dóibh dul chomh fada sin.
  • 2021 - Bhain foireann peile na mban cluiche ceannais Chraobh na Scéithe amach - Sóisear F - tánaistí in éadan Naomh Eoin Baile an tSaoir
  • 2021 - Bhuaigh foireann peile na mban Sraith 8 agus níor chaill siad cluiche ar bith. Bhuaigh siad an Corn thar fhoireann Chluain Tarbh.
  • 2022 - Bhuaigh foireann peile na mban an tsraith don dara bliain as a chéile is bhain ardú céime go dtí Roinn 7 amach. Bhain an fhoireann A iomána ardú céime amach ó Roinn 7 go Roinn 6. Bhí bua stairiúil ag foireann chamógaíochta Na Gaeil Óga nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais an chraobhchomórtais Sóisear 6 in aghaidh Oileán na hÉireann CLG. Bhuaigh an fhoireann cailíní faoi 14 Sciath Roinn 6 sa chamógaíocht in éadan CLG Na Fianna. Fuair an fhoireann peile B ardú céime sa Chraobh.
  • 2023 - Bhain an fhoireann A iomána ardú céime amach ó Roinn 6 go Roinn 5. Bhuaigh an fhoireann iomána faoi 15 cluiche ceannais na sraithe 8 in éadan Chaisleán Cnucha B. Bhuaigh na buachaillí Faoi 13 an tsraith san iomáint, bhuaigh na buachaillí Faoi 15 an tsraith san iomáint agus sa pheil agus bhuaigh na cailíní Faoi 14 an chraobh sa pheil. Na cailíní F14 - cáilithe go leathcheannais na craoibhe sa chamógaíocht agus peil. Bhí 19 imreoirí NGÓ ar foireann Ghaelscoil Naomh Pádraig a bhuaigh Corn camógaíochta sa Cluiche Ceannais Páirc an Chrócaigh, 10 imreoirí NGÓ ar fhoireann Ghaelscoil Eiscir Riada a bhuaigh Corn Iomána agus 8 ar fhoireann a bhuaigh Corn Peil na mBan. Bhuamar Gradam Ghlór na Gael. Eagraíodh Fóram Pleanála Club d'fhorbairt an chumainn go dtí 2025. Eagraíodh Campaí Cásca, Samhraidh agus Cúl Camp.
  • 2024 Tá 34 Foirne faoi aois cláraithe ag NGÓ (An tAcadamh san áireamh).

Cathaoirligh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2010/11 - Daithí Bán De Buitléir/Eoin P. Ó Murchú(sealadach)
  • 2011/12 - Daithí Bán De Buitléir/Ruadhan Ó Feinneadha (sealadach)
  • 2012/13 - Daithí Bán De Buitléir
  • 2012/13 - PJ Mac Gabhann
  • 2014/14 - PJ Mac Gabhann
  • 2015/16 - Eoin P. Ó Murchú
  • 2016/17 - Eoin P. Ó Murchú
  • 2017/18 - Bairbre Ní Chonchúir
  • 2018/19 - Rónán Ó Dálaigh
  • 2019/20 - Rónán Ó Dálaigh
  • 2020/21 - Rónán Ó Dálaigh
  • 2021/22 - Kate Ní Chonfhaola
  • 2022/23 - Kate Ní Chonfhaola
  • 2022/23 - Kate Ní Chonfhaola

Comórtas Peile na Gaeltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shroich foireann na mban an cluiche ceannais i gComórtas na mBan sa bhliain 2012.

Cailíní Gaelacha agus staileanna Gaelacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn comórtas bliantúil ag an gcumann cailín a roghnú do chomórtas an Chailín Ghaelaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta.

  • 2011 - Dani Nic an tSionnaigh
  • 2012 - Emma Nic Lochlainn
  • 2014 - Lisa Nic an Bhreithimh
  • 2012 - Aindriú Ó Faoláin
  • 2016 - Edel Ní Bhraonáin
  • 2022 - Nóra Ní Aodha

Gradam Sheáin Uí Laighin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn ócáid bhliantúil ag an gcumann, an Mórdhinnéar, ag a mbronntar Gradaim Foirne, ina mbíonn Imreoir na Bliana agus an t-Imreoir is mó Díograis Bíonn Gradaim Aonaracha ann freisin do Ghaeilgeoir na Bliana, don fhoghlaimeoir is mó atá tar éis dul chun cinn a dhéanamh, Oiliúnóir na Bliana agus Gradam Sheán Uí Laighin.

Gach bliain bronntar Gradam Sheáin Uí Laighin, mar chuimhne ar Sheán Ó Laighin, imreoir leis an gcumann ó thús a bhásaigh go hóg. Bronntar an gradam mar aitheantas ar an duine is mó atá tar éis obair ar son an chlub.

  • 2011 Ciarán Ó Feinneadha
  • 2012 Edel Ní Bhraonáin
  • 2013 Tommy Konstantine
  • 2014 Marcus Ó Léanacháin
  • 2015 Daithí de Buitléir
  • 2016 Máire de Staic
  • 2017 Gráinne Ní Chearúil
  • 2018 Ciarán Ó Raghallaigh
  • 2019 Eoin Ó Ceanainn
  • 2020 Eoin P. Ó Murchú
  • 2021 Bairbre Ní Chonchúir
  • 2022 Mícheál Ó Nualláin
  • 2023 Gerry O’Connell

Duaiseanna atá buaite ag an gCumann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Duais Spiorad Comhphobail Bhus Átha Cliath 2012
  • Duais Contae An Turas Teanga 2014
  • Duais Comhdhaonnachta Chomhairle Contae Áth Cliath Theas 2015
  • Príomhdhuais Náisiúnta An Turas Teanga 2016 (CLG + Glór na nGael)
  • Duais aitheantais Uachtarán Chonradh na Gaeilge 2016
  • Duais Tréaniarrachta Ardmhéara Átha Cliath 2016
  • Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2017
  • Bonn Airgid, Boinn Sheosaimh Mhic Dhonncha 2017
  • Bronnadh Gradam an Uachtaráin don Ghaeilge ar Chiarán ó Feinneadha in 2019 as a iarrachtaí leis an gcumann agus le cumainn eile.
  • Bronnadh Gradam MacNamee don Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael ar Sheán T. Ó Meallaigh in 2019 as físeán a dhéanamh faoi fhoireann A na bhfear a bheith ag díriú ar an 15ú cluiche sraithe as a chéile a bhuachan ag deireadh 2018.
  • 2022 Buaiteoirí Contae, Gradaim do Dhea-chúiseanna leis an gCrannchur Náisiúnta
  • Bonn Óir, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2022
  • Duais don Iontráil Nua is fearr, Glór na nGael, 2023
  • Club Sláintiúil, 2023
  • Cumann Iomána agus Camógaíochta Faoi Aois na Bliana, ag ócáid de chuid na heagraíochta Cairde na hIomána i mBaile Átha Cliath (Friends of Dublin Hurling)

Imreoirí ar Díol Suntais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciarán Mac Fhearghusa, imreoir le Underdogs TG4 sa bhliain 2018. D'imir siad in éadan fhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh 4 chraobh as a chéile buaite acu, i bPáirc Parnell i nDeireadh Fómhair 2018.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]