Jump to content

Na Draoithe (úrscéalta grafacha)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharNa Draoithe
Les Druides
CineálSraith úrscéalta grafacha
Cárta innéacs
ÚdarJean-Luc Istin agus Thierry Jigourel
TeangaAn Ghaeilge
MaisitheoirJacques Lamontagne
Foilseachán2024—
FoilsitheoirSoleil (fr); Dalen Éireann (ga)
Codanna
  1. Na hÍobairtí Oghaim (2024)
  2. Altóir na Cinniúna (2025)
  3. Turas Feasa (le teacht)
AistritheoirEoin P. Ó Murchú
Tréith
SeánraScéinséir draíochtúil
Carachtair
Fionnalán (br: Gwenc’hlan), Torainn
Suíomh scéalaíochtaArmarc, Éire, an Bhreatain

Sraith úrscéalta grafacha is ea Na Draoithe le Jean-Luc Istin, Thierry Jigourel, agus Jacques Lamontagne, bunaithe ar fhinscéalta Ceilteacha, béaloideas agus gnéithe den traidisiún liteartha.[1] Tá sé suite i ndomhan aduain na 5ú haoise, mar a fheictear an "teannas idir seandraoithe Ceilteacha agus na manaigh nua le teacht na Críostaíochta."[2]

Airítear Istin ar dhuine de "na húdair is mó cáil i réimse na n-úrscéalta grafacha Ceilteacha."[1] Soleil a d'fhoilsigh na leabhair bunaidh idir 2005 agus 2016. Tá naoi gcinn de leabhair sa bhunsraith. Lannig Treseizh agus Syrhel Louie Rubico a rinne an litreoireacht. Le Éditions Delcourt an cóipcheart.

Tá rátáil 15+ ag an sraith toisc go bpléitear roinnt téamaí do dhaoine fásta inti.[1]

Leagan Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eoin P. Ó Murchú a d'aistrigh Na Draoithe: 1. Na hÍobairtí Oghaim go Gaeilge agus Dalen Éireann (Dalen (Llyfrau)) a d'fhoilsigh[2] le cabhair ón gComhairle Ealaíon. Foilsíodh a bhfuil sa leabhar seo ar dtús as Fraincis faoi na teidil Druides 1: Les Mystères des Oghams agus Druides 2: Is la blanche in dhá leabhar ar leithligh.

Beidh an dara himleabhar á fhoilsiú go luath, mar atá Na Draoithe: 2. Altóir na Cinniúna.[1] Leantar den scéinséir ann agus Fionnalán Draoi ag fiosrú cé a mharaigh scata manach go brúidiúil. Teastaíonn ó ghrúpa de chuid na hEaglaise, Díoltas Dé, rúin na ndraoithe a ghoid chun an bonn a bhaint den seanchreideamh. Téann Fionnalán i bhfad ó bhaile ar thóir na fírinne, a naimhde marfacha go dlúth sna sála aige.

Suíomh na scéalaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn imeachtaí na sraithe ag deireadh an chúigiú haois, tréimhse ríthábhachtach i stair na gCeilteach in iarthuaisceart na hEorpa. Is éard a thugtar ar an tréimhse sin ná Ré na Naomh, uair a tháinig forbairt mhór ar na teangacha Ceilteacha.[1] De réir mar a leathnaigh an Ghaeilge in Albain agus i gcuid den Bhreatain Bheag, d’iompaigh an Bhriotainic, teanga dhúchais na Breataine, ina teangacha éagsúla; an Bhriotáinis, an Choirnis agus an Bhreatnais. Ré imirce a bhí ann chomh maith, agus chuaigh lonnaitheoirí na Briotainice thar loch amach go dtí an Armarc (Aremorica sa GhaillisArmorica sa Laidin) sa Ghaill áit ar bhunaigh siad críoch ar a dtugtar an Bhriotáin anois.

Ba thréimhse lán coimhlinte í freisin agus níorbh fhada go raibh na Sacsanaigh ag cur as go mór do na Briotanaigh, anuas ar ruathair as Éirinn agus ag treibheanna na gCruithneach ó thuaisceart na Breataine. Bhí coimhlint freisin idir creideamh nua na hEaglaise Ceiltí agus seandeasghnátha Ceilteacha na ndraoithe. Tá fianaise ann gur tháinig athbheochan ar chreideamh na ndraoithe go díreach ag an am a raibh na Naoimh Cheilteacha i mbun briathar Dé a scaipeadh thar chríocha fairsinge. Bhí bundifríochtaí diagachta ann freisin idir an Eaglais Cheilteach agus an Mháthair-Eaglais sa Róimh.[foinse?]

"Tá Fionnalán, duine de na Draoithe deireanacha, sáite i gcath rúndiamhrach in éadan manaigh naimhdeacha a chuireann constaicí go leor roimhe. Tá líomhaintí faoi bharbarthacht, íobairtí daonna agus asarlaíocht le cloisteáil go rábach, ach seasann na seandéithe fós leo sin a chreideann iontu."[1]
—Colmán Ó Raghallaigh

De réir seanchas a chuir an fileolaí Briotánach Théodore Hersart de la Villemarqué chun tosaigh ina bhailiúchán d’amhráin ársa Bhriotánacha Barzaz Breiz, ba dhuine de na draoithe deireanacha é Fionnalán (Gwenc’hlan sa Bhriotáinis). I ríocht Domnonea in iarthar na Briotáine a bhíodh cónaí air, agus sheas sé go daingean lena chreideamh gur sna coillte a bhí naofacht agus gaois le fáil.

Spléachadh ar theanga Cheilteach chaillte

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maítear i réamhrá na leabhar seo, agus an tsraith seo á forbairt, gur chabhraigh saineolaithe ar stair agus ar chultúr na gCeilteach leis na húdair chun léiriú cruinn a thabhairt ar shonraí an ama. Rinneadh iarracht nathanna ón nGaillis a athbheochan, teanga ársa Cheilteach na Gaille a bhí imithe ar gcúl faoi dheireadh na tréimhse Rómhánaí. Trí mhionstaidéar a dhéanamh ar na blúirí beaga sin den Ghaillis atá fós ar marthain b'fhéidir leo radharc éigin a fháil ar struchtúr na teanga. Mar sin féin ní rabhthas ag maíomh go raibh an leabhar iomlán cruinn ó thaobh chomhréir na Gaillise. Tá gaol idir an Ghaillis agus an Bhriotáinis (teangacha P-Cheilteacha is ea iad), ach is suimiúil an rud é nach ón nGaillis a tháinig an Bhriotáinis. Ó theanga na Briotainice sa Bhreatain a tháinig sí.

Léirmheasanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]