Na 'Disappeared'
D’admhaigh an tIRA Sealadach agus an tINLA i 1998 gur mharaigh siad daoine gan tásc gan tuairisc a thabhairt fúthu le linn na dTrioblóidí. Tugadh na 'Disappeared' orthu, ceann de na feachtais ba shuaraí agus ba ghránna le linn na dTrioblóidí.[1]

Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’admhaigh an IRA gurbh iadsan a mharaigh trí dhuine dhéag, dáréag fear agus bean amháin, Jean McConville. D’admhaigh an INLA gurbh iad a mharaigh Séamus Ruddy a fuarthas sa Fhrainc in 2017. Níor admhaigh éinne gurbh iadsan a mharaigh Charlie Armstrong ná Gerry Evans. Tá Columba McVeigh ar dhuine de thriúr atá fós ar iarraidh.[2] Sé dhuine dhéag a bhí ar liosta an Choimisiúin um Aimsiú Taisí Íospartach.[3]
Tá dalladh fianaise againn faoin damáiste do ghaolta a rinne maruithe ina raibh corp ar fáil ag teaghlaigh le hadhlacadh agus lena chaoineadh. Tá ualach breise crá croí ag baint leis an bhail a fágadh ar mhuintir na ndaoine a fuadaíodh, na ‘Disappeared’.[4] Ní hamháin gur maraíodh iad agus gur fágadh a muintir gan eolas ná uaigh, ach insíodh bréaga faoina lán acu freisin chun an fhírinne uafásach a cheilt.
Tá triúr acu fós ar iarraidh, Columba McVeigh, Joe Lynskey agus Captaen Robert Nairac. Fuair a muintir léas dóchais in 2019 nuair a gheall duine anaithnid $60,000 mar luach saothair as eolas. D’ainneoin iliomad iarrachtaí tá teipthe ar an gCoimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach a theacht ar choirp Columba McVeigh, Joseph Lynskey agus Robert Nairac. Tá sár-obair déanta ag an gCoimisiún agus taisí trí dhuine dhéag tugtha ar ais dá muintir chun iad a adhlacadh. Tá súil acu go gcuideoidh an luach saothair atá geallta don charthanacht Crimestoppers leo bailchríoch a chur ar a gcuardaigh.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Póilín Ní Chiaráin (9 Samhain 2025). "Columba McVeigh – drogall ar an bportach a rún a scaoileadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (20 Meán Fómhair 2018). "Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (1 Feabhra 2016). "Coimisiún ag iarraidh an omerta a shárú i gcás Nairac" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (10 Bealtaine 2017). "Thar am scéal scannalach na ‘Disappeared’ a thabhairt chun críche" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (26 Bealtaine 2019). "Oidhreacht na dTrioblóidí – an cheist nach féidir a sheachaint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.