Mícheál Ó hAnnracháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó hAnnracháin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Eanáir 1877
Ros Mhic Thriúin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Bealtaine 1916
39 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig Ceatharlach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmréabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca

Find a Grave: 4270 Cuir in eagar ar Wikidata

Náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Mícheál Ó hAnnracháin (Béarla: Michael O'Hanrahan), 17 Márta, 18774 Bealtaine, 1916) a ghlac páirt ghníomhach in Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman dó, bhunaigh Ó hAnnracháin craobh de Chonradh na Gaeilge i gCeatharlach agus scríobh sé na húrscéalta A Swordsman of the Brigade agus When the Norman Came. Chuaigh sé díreach isteach in Óglaigh na hÉireann gan mhoill nuair a bunaíodh iad sa bhliain 1913.

Éirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ó hAnnracháin ar an dara duine i gceannas ar 3ú Cathlán Bhaile Átha Cliath, faoi cheannas Thomáis Mhic Dhonnchadha. Bhí na réabhlóidithe bunaithe i monarcha bhriosca Jacob's, ach ní fhaca siad mórán aicsin i rith na seachtaine. Gabhadh Ó hAnnracháin, agus lámhachadh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 4 Bealtaine in éineacht leis na gceannairí. Bhí a dheartháir Anraí páirteach san éirí amach chomh maith, agus daoradh pianseirbhís air.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A Swordsman of the Brigade (1914).
  • When the Norman Came (1918).

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an stáisiún traenach i Loch Garman agus an droichead thar abhainn na Bearú i Ros Mhic Thriúin ainmnithe in ómós dó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]