Jump to content

Muiris Ó Fiannachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMuiris Ó Fiannachta

Is Cheannasaí Gaeilge i gCoimisiún na Meán é Muiris Ó Fiannachta, an chéad duine atá sa ról sin.[1][2]

Tógadh Ó Fiannachta i gCill Droichid i gcontae Chill Dara; bhí cónaí air in 2026 i Maigh Nuad. Tá B.A. Idirnáisiúnta sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis aige ó Ollscoil Mhá Nuad mar aon le Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht.

Coimisiún na Meán

Chaith Ó Fiannachta roinnt blianta sna 2000idí luath ina chlár-reachtaire sa stáisiún, agus ina chraoltóir deonach. Ceapadh ina bhainisteoir é ar Raidió na Life sa bhliain 2007. Bhí sé tráth ina láithreoir ar an gclár cainte Fios Feasa. Bhíodh clár ceol miotail aige freisin darbh ainm Scrios agus Ár.

Chaith sé tréimhse i Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ agus leis na comhlachtaí léiriúcháin Animo Television agus Adare Productions. Bhí sé ar choiste Gaeilge Litearthacht sna Meáin Éire, agus chaith sé tamall ina chomhalta ar bhord IMRAM agus coiste CRAOL, an t-eagras do stáisiúin phobail in Éirinn.[3][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Muiris Ó Fiannachta – Raidió na Life – 106.4 FM" (ga-IE). Dáta rochtana: 2026-01-21.
  2. linkedin.com. "Muiris Ó Fiannachta". Dáta rochtana: 2026.
  3. Maitiú Ó Coimín (21 Eanáir 2026). "Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life, ceaptha ina Cheannasaí Gaeilge i gCoimisiún na Meán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-21.
  4. Tús Áite: Raidió na Gaeltachta (2025-10-16). "Labhair Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life linn faoin méid atá ag teacht chun soláis óna héisteoirí faoi Raidió na Life inár suirbhé ar na meáin Ghaeilge." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-01-22.