Jump to content

Muirbretha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadMuirbretha
Cineáltéacs Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan tSean-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Féineachas agus dlí muirí Cuir in eagar ar Wikidata

Is seantéacs de chuid an Fhéineachais, caomhnaithe ach go heaspach, maidir le dlí muirí, dlí long briste ach go háirithe, é Muirbhreith (Sean-Ghaeilge Muirbretha).

Trí shliocht as Muirbretha faoin dualgas longa briste a thuairisciú (Bodleian Library, MS Rawlinson B 506, fól. 41r).[1]:320-321

Is é an t-ochtú téacs is tríocha é atá le fáil san Senchas Már.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní chaomhnaítear Muirbretha ach i míreanna éagsúla. Rinne Charlene Eska liosta agus cúig lámhscríbhinn ann dá dtugadh sigla A–E dóibh. Fuarthas na míreanna i mbailiúcháin dlí gan údair luaite iontu, ach ina measc mír C, sliocht as Bretha Étgid, maraon le sleachta as Sanas Uí Dhuibhdábhoireann.[2]:304-305 [1]:43, 67-68 Faightear i dteannta leis na míreanna gluaiseanna agus léargais.[1]:2

Faightear an teideal Muirbretha i Sanas Chormaic agus Cethairṡlicht Athgabálae.[3]:276-277

Faightear roinnt téacs i dtrian deiridh an tSeanchais Mhóir, ag iontráil 38.[2]:304 Creidtear gur cuireadh an Seanchas le chéile idir deireadh an tseachtú haois agus tús an ochtú haois.[1]:33

Is é Muirbretha an phríomhfhoinse a mhaireann le haghaidh dlí muirí san Fhéineachas.[1]:43

Sna sleachta den Muirbretha a mhaireann, pléitear ach amháin le dlí muirí mar a bhaineann sé le cúrsaí talún. Ní phléitear sna míreanna an dlí idir ceannaithe agus lastóirí, nó ar bord long féin.[1]:43. Má tá béim ann ar dlí loinge briste, is amhlaidh go raibh an-chuid fiontar ann i gcúrsaí loingis le linn na ré sin i nÉirinn Ireland.[4]:19

Pléitear sna míreanna mar a leanas:[1]:46-51

  • A: an dualgas longa briste a thuairisciú
  • B: foinsí ioncaim ó thailte easnacha an rí
  • C, D, É: dlí maidir le lagan, snámhraic agus muirchur, ina measc cén chuid den luach a raibh le híoc don fhaighteoir, don bhunúinéir agus do dhaoine éagsúla eile, ag brath ar an gcás.

Molann Fearghas Ó Ceallaigh go bpléitear le cearta iascaireachta ar inbhir i sliocht caillte den Muirbretha, a leithéid luaite mar atá i seantéacs dlí eile.[3]:277

Molann Eska go bhfuil an téacs an-chosúil lena mhacasamhail faighte i bhfoinsí dlí Chorn na Breataine, na Breataine Bige agus na Sasana.[1]:58

Feictear sa Muirbretha an-chuid sonraí maidir le lastaí agus a gclár ábhair. Leis an bhfianaise seo, rinne Jonathan M. Wooding staidéar ar bhunús tráchtála leis an Mór-roinn sna 6ú argus 7ú haoiseanna.[4]:68–71

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Binchy, D. A. (1978). "Corpus Iuris Hibernici (6 iml.)". Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.  139.32–140.8 (A); 177.34–178.26 (B); 314.17–316.36 (C); 959.7–16 (D); 1212.3–34 (E).}}
  • Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64, and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill.  ll. 319-351 (téacs Muirbretha le haistriúchán Béarla, leaganacha agus plé).
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64, and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill. 
  2. 2.0 2.1 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  3. 3.0 3.1 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  4. 4.0 4.1 Wooding, Jonathan M. (1996). "Communication and Commerce along the Western Sealanes AD 400-800" 654. Oxford: BAR Publishing.