Muimne, Luigne agus Laigne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, chomh-Ard-Ríthe na hÉireann ba ea Muimhne, Luighne agus Laighne (Sean-Ghaeilge Muimne, Luigne agus Laigne), mic Éireamhóin agus a bhean chéile Odba. Tháinig siad i réim i gcomharbacht ar a n-athair. Bhí siad i gcoróin ar feadh trí bliana go dtí go bhfuair Muimhne bás den phlá ag Ráth Cruachan, agus maraíodh Luighne agus Laighne ag a gcol ceathracha Ér, Orba, Ferón agus Fergna, mic Éber Finn sa Chath Árd Ladrann. Ní raibh aon oidhrí orthu.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland, Cuid V, Irish Texts Society, 1956, lch. 187-189
  2. Daithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (eag. & aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1, Alt 25
  3. Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, Iml. 1, lch. 35


Réamhtheachtaí
Érimón
Ard-Rí na hÉireann
LGE 1192–1189 RC
FFE 1272–1269 BC
ACM 1684–1681 RC
Comharba
Ér, Orba, Ferón agus Fergna