Mouflon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mouflon
Mouflon in zoo.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Animalia
Fíleam:Chordata
Aicme:Mammalia
Ord:Artadachtail
Fine:Bovidae

Caora allta le heireaball gearr is adharca ramhra cornaithe, an lomra gearr dorcha, na cosa is an taobh íochtarach bán. Dhá chineál ann: an mouflon Áiseach nó an chaora dhearg ó shléibhte oirdheisceart na hÁise, sinsear na caorach ceansaithe, agus an mouflon Eorpach ón gCorsaic is an tSairdín, a tugadh isteach in áiteanna eile.