Mosi-oa-Tunya

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mosi-oa-Tunya nó Eas Victoria

Eas i nDeisceart na hAfraice is ea Mosi-oa-Tunya (An Deatach Toirniúil) nó Victoria Falls idir an tSaimbia agus an tSiombáib. Aithnítear gurb iad seo na heasanna is mó ar domhan. Titeann Abhainn an Zambesi 108 méadar síos na heasanna atá 1.7 ciliméadar ar leithead agus tá an-chuid d'ainmhithe agus d'éin na hAfraice le feiceáil mórthimpeall orthu. Is Ionad Oidhreachta Domhanda Mosi-oa-Tunya agus meallann sé na sluaite cuairteoirí gach bliain.

Bhí cónaí ar neacha daonna agus réamhdhaonna sa cheantar suas le trí mhilliún bliain ó shin agus tá déantáin ar nós uirlisí clochaoise, airm, ornáidí agus uirlisí tochailte faighte ann a bhaineann leis an tréimhse sin agus le tréimhsí go leor ó shin. Ba é an tAlbanach David Livingstone an chéad Eorpach a chonaic na heasanna ar an 17 Samhain 1855.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]