Monika Ertl
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 7 Lúnasa 1937 München (Gearmáin na Naitsithe) |
| Bás | 12 Bealtaine 1973 35 bliana d'aois El Alto, An Bholaiv |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Imilla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | páirtiseán |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghearmáinis agus an Spáinnis |
| Teaghlach | |
| Athair | Hans Ertl |
Ba threallchogaí cumannach Gearmánach-Bolaivach í Monika Ertl (17 Lúnasa 1937 – 12 Bealtaine 1973), agus iníon an bholscaire Naitsíoch Hans Ertl a bhí inti. Is mó atá aithne uirthi as Coirnéal Roberto Quintanilla Pereira a chur chun báis, an fear a bhí freagrach as lámha Che Guevara a bhaint dá chorp. Bhain an feallmharú seo an teideal “Díoltasaí Che Guevara” amach di sa Ghearmáin. Lean sí uirthi ag freastal mar shaighdiúir san Ñancahuazú Guerrilla (Arm Saoirse Náisiúnta na Bolaive), ag cur in aghaidh rialtas na Bolaive, go dtí gur feallmharaíodh í ag an t-arm na Bolaive i 1973. Níor tugadh a corp ar ais dá teaghlach riamh, agus níl eolas ar shuíomh a tuama.
Rugadh Ertl i München. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, d’imigh a hathair ar imirce go dtí an Bholaiv, áit ar lean sé ag déanamh scannán agus ar chuaigh sé leis an feirmeoireacht. Nuair a bhí ina bean óg, ghabh Ertl lena hathair ar roinnt turas scannánaíochta agus d’fhoghlaim sí ceamara agus airm tine a úsáid. Chaith sí tréimhse ghearr pósta le linn na seascaidí, ach bhí sí míshásta agus í ag imirt ról bean chéile áilleagán den uasaicme. Tar éis a colscartha i 1969, chuaigh sí i mbun gníomhaíochta le marthanóirí ghluaiseacht réabhlóideach na Bolaive agus thosaigh sí caidreamh rómánsúil lena ceannaire, Inti Peredo, comharba Che Guevara. Maraíodh Peredo ag na póilíní Bolavach i La Paz ar an 9ú lá Meán Fómhair 1969.
Tar éis bhás Peredo, chuaigh Ertl níos doimhne isteach san Ñancahuazú Guerrilla agus d’imigh sí i bhfolach sa Bholaiv. Caitheadh amhras uirthi ag na bpóilíní tar éis robáil bainc ina raibh úsáid ag a carr chun éalú. De réir dealraimh, is i rith 1970, thosaigh sí ag pleanáil díoltais ar Roberto Quintanilla Pereira, a raibh baint aige le bás Che Guevara agus Peredo, agus thaistil sí go dtí an Ghearmáin faoi ainm bréige. Ba é Quintanilla ambasadóir ag an am agus ar 1ú lá Aibreán 1971 i Hamburg, maraíodh sa chonsalacht é. Cé nach bhfuil sé cruthaithe go hiomlán riamh, glacadh leis gurbh í a lámhaigh Quintanilla agus fuarthas teachtaireacht ag láthair an feallmharú ina raibh “Bua nó Bás” scríofa—mana an Ñancahuazú Guerrilla.
Tar éis tréimse faoi bhreathnóireacht rúnda sa Bholaiv, rinneadh luíochán ar Ertl agus comrádaí eile agus maraíodh iad ag saighdiúirí Bolavach ar an 12ú lá Bealtaine 1973 in El Alto, La Paz. De réir a comrádaí Régis Debray, bhí sí freisin ag ullmhú don fhuadach ar iar-Cheann an Gheástaipó i Lyon, Klaus Barbie, le hé a thabhairt os comhair na cúirte sa Fhrainc, áit a raibh tóir air mar choirpeach cogaidh Naitsíoch. Ag an am sin, bhí Barbie ag comhoibriú leis na póilíní rúnda sa Bholaiv. Níor tugadh corp Monika Ertl dá teaghlach le cur i reilig, agus tá a huaigh anaithnid go dtí an lá inniu féin.