Jump to content

Molly Brant

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMolly Brant
Beathaisnéis
Breithc. 1736
Ohio River Valley, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Aibreán 1796
59/60 bliana d'aois
Kingston (Impireacht na Breataine)
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachIroquois
Idé-eolaíocht pholaitíochtaBritish loyalism (en) Aistrigh
ReiligiúnEaglais Shasana
Gníomhaíocht
GairmLoyalist (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSir William Johnson, 1st Baronet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Brant Kerr Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínJoseph Brant (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas
Síniú

Bhí Molly Brant (circa 1736-1796) ar dhuine de na mná dúchasacha ba mhó le rá i stair Mheiriceá Thuaidh san ochtú aois déag. Bhí sí ina taidhleoir agus ina straitéisí polaitiúil agus ar dhuine de chuid na matrarcachta dúchasaigh. D’fheidhmigh sí ag am a raibh coilíniú thíortha na hEorpa ag dul i dtreis i Meiriceá Thuaidh.[1]

San ochtú haois déag bhí bundúchasaigh Mheiriceá sáite idir dhá impireacht, ceann a bhí ag cúlú ó Thuaisceart Mheiriceá agus ceann úr a bhí ag teacht in inmhe ann. Bhí flaitheas threabh na Haudenosaunee i mbaol i rith na tréimhse seo agus bhí ar Brant (Móháic a bhí into) dul i ngleic leis na hionsaithe sin. Is náisiún bundúchasach iad na Haudenosaunee a mhaireann i Stát Nua-Eabhrac sa lá atá inniu ann. Bhí ról lárnach ag Brant i gCónaidhm na Haudenosaunee, sochaí a bhí bunaithe ar riail mhatrarcachta, gaois éiceolaíochta agus an daonlathas rannpháirtíoch ag dul i bhfad siar roimh theacht na nEorpach.[1]

Rugadh Brant i dTreabh na Mac Tíre, i gceantar darb ainm Canajoharie. Fuair sí a cuid oideachais i scoil mhisin. Bhí neart trádála ar bun idir na Móháic agus na Dúitsigh ag an am. Tháinig imirceach Éireannach, William Johnson, Protastúnach as Contae na Mí, chun cinn mar cheantalaí i nGleann na Móháic i rith an ama seo chomh maith.[1]

Nuair a bhí Brant 18 mbliana d’aois thaistil sí le taoisigh Mhóháiceacha chun cur i gcoinne drochmhargaí talún, rud a léirigh a scil sa taidhleoireacht. Bhí caidreamh aici le Johnson, caidreamh a thosaigh i ndiaidh bhás bhean Johnson, Catherine Weisenburg, agus, cé nár aithníodh a bpósadh faoi dhlí na Breataine, bhí lámh lárnach ag Brant i reáchtáil theach Mhic Sheáin, Johnson Hall.[2] Rinne Brant bainistiú ar eastát Johnson agus bhí sí mar ionadaí air anois is arís ag comhdhálacha taidhleoireachta. Léiriú ar struchtúir aisteacha shochaí Meiriceá i ré an choilínithe ab ea ról Brant mar bhean bhundúchasach a bhí i bhfeighil na sclábhaithe dubha ar eastát Johnson. Bhí 200 sclábhaí agus searbhónta ar an eastát.

Sir William Johnson, 1st Baronet

I ndiaidh do Johnson bás a fháil in 1774, d’fhill Brant ar Canajoharie agus bhunaigh sí láthair thrádála. Thacaigh sí leis an mBreatain agus cogadh idir an t-impireacht agus coilínigh Mheiriceá ar bun sa tréimhse ar a nglaoitear Réabhlóid Mheiriceá (1765-83). Bhí scoilt i gCónaidhm na Haudenosaunee le linn na Réabhlóide; thacaigh na Móháic leis na Briotanaigh, ach thacaigh na Oneida agus na Tuscarora leis na Meiriceánaigh.

Chreid na Móháic gur rogha an dá dhíogha a bhí sna Briotanaigh. Dár leo, bhí na Meiriceánaigh choilíneacha níos measa agus iad ag brú siar agus ó thuaidh isteach ina dtailte de shíor, murab ionann agus na Briotanaigh a d’eisigh Forógra Ríoga 1763 a chuir cosc ar thuilleadh coilínithe níos faide siar ná na Sléibhte Apaláiseacha. Bhí naisc seanbhunaithe geilleagracha idir na Briotanaigh agus na Móháic agus armlóin, earraí, uirlisí agus araile á thrádáil eatarthu.[1]

Thacaigh Brant leis na Briotanaigh agus rinne sí spiadóireacht ar a son agus sholáthair sí eolas ar ghluaiseachtaí na dtrúpaí Meiriceánacha freisin. Chuaigh a deartháir, Joseph Brant, i mbun ruathar ar na Meiriceánaigh, rud a chothaigh neart goimhe. Ba chor cinniúnach é feachtas Sullivan-Clinton (1779).

Dódh sráidbhailte na Haudenosaunee, agus theith na daoine a tháinig slán i dtreo Fort Niagra, áit a ndeachaigh Brant i mbun oibre chun cúnamh a thabhairt dóibh. Ainneoin gur gheall na Briotanaigh go gcosnóidís cearta talún na Haudenosaunee mar gur fhan siad dílis dóibh, nuair a tháinig deireadh leis an gcogaíocht le síniú Chonradh Pháras in 1783, ní raibh aon rud ann a thug sólás ar bith do na Haudenosaunee.

Chuaigh Brant in aois in Kingston i gCeanada, áit a bhfuair sí pinsean Briotanach de bharr a dílseachta don impireacht. D’ofráil na Meiriceánaigh cúiteamh chun go dtiocfadh sí ar ais thar an teorainn, ach d’fhan sí dílis don Bhreatain agus do na Haudenosaunee don chuid eile dá saol.[1]

I dtaobh oidhreacht Brant de, déanann roinnt daoine ceiliúradh uirthi ach cáineann roinnt Móháic í as a dílseacht don choróin. Maíonn siad gur chuir a seasamh leis an méid talamh a chaill siad go lucht coilínithe Mheiriceá.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 5 6 Kerron Ó Luain (2025-04-18). "Molly Brant agus treabh na Haudenosaunee" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-04-19.
  2. Mar a deir na staraithe Lois Huey agus Bonnie Pulis, a scríobh an leabhar, Molly Brant: a Legacy of Her Own, níor bhean leapa nó nimfeach choille í Brant, mar a chuir roinnt staraithe in iúl.
  3. "Molly Brant Legacy Own by Huey Lois, First Edition - AbeBooks" (en). www.abebooks.com. Dáta rochtana: 2025-04-19.